Page:Description d'un parler de Kerry.pdf/215

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
197
INGHEAN AN CHEANNAIDHE

Do ghlaodh sí chúichi an cailín seómra : « Táim-se ag fágaint an tighe-seo, agus ní móide go dtiocfainn ar n‑ais go deó. Mara dtiocfad, bíodh an tigh-seo agus an áit agat-sa. Tabhair aire mhaith dom leanbh agus dom báthair ».

Do fuair sí gach nidh réidh agus stad níor dhein sí nó go dtí gur bhain sí amach an Fhrainnc. Do bhí a ceann bachlach bán beárrtha aici, agus culath duine uasail uirthi ; budh dhóigh leat gur fear í insan am san. Do bhí sí ag siubhal léi nó go dtí gur bhain sí amach an tigh go raibh an captaen ann. Ach, mo mhairg, níor aithnigh sé i. Do bhíodar ag cainnt le chéile ar fheadh tamaill agus dubhairt sé go raibh fhios aige féin tigh go bhfaigheadh sí obair ann. Do bhídís annsan gach tráthnóna ag siubhal agus ag caitheamh aimsire i dteannt’a chéile, fé mar bheadh aon dá bhuachaill.

Bhí bliadhain anagheairid do bheith caithte. Aon tráthnóna amháin bhíodar suidhte i dteannta a chéiligh, agus do thosnaigh Máire Bhán ar a bheith ag cuir ceisteann air : « an raibh sé pósta, nó cad é an tír gurb’as é, nó cathain a bheadh a laethannta saoire aige? » D’innis sé dhi gach a thárlaigh dó ó thúis go deireadh, mar ní raibh fhios aige ná gur pártaidhe buachalla a bhí ag cainnt leis. Nuair a bhí deireadh ráidhte aige: « Mo náire thú! » arsa Máire, « b’fhéidir go raibh an cailín bocht neamhchionntach ». « Níorbh’ fhéidir di bheith, mar do bhí fáinne a pósta ar a mhéir aige ». « Nuair a bheimid ag dul ar ár laethannta saoire abhaile », arsa Máire, « táim-se ag dul go h‑Eirinn, agus an dtiocfá liom ag caitheamh do laethannta saoire? » « Níor mhaith liom », arsan captaen, « go gcífinn an áit ; tá an ghráin agam air ». « Ná bac san », arsa Máire.

Do bhí sí ag spriogadh fé nó go dtí gur thoiligh léi bheith le n‑a cois. Fuaireadar long réidh agus do thánadar isteach go baile mór Chorcaighe: do thógadar a lóistín i dtigh ósta an oidhche sin, ach ar maidin amáireach do fuair sí a leathscéal leis an mbuachaill fanacht mar a raibh aige go ceann uaire a chluig nó go dtí go bhfillfeadh sí féin arís. Chuaidh sí go dtí uncail di a bhí i n‑a shagart san bhaile mhór agus fuair sí uaidh sórt éide agus giúrléidí beaga éigin eile. Nuair a tháinigh sí thar n‑ais : « téanam leat ar siubhal anois », ar sise, « tamall ».