Page:Deoraidheacht (1920).pdf/86

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
86
Deoraidheacht

agus ceann-faoi agus umhlaidh­eacht air, feictear dhó nach bhfuil na rudaí atá ’n‑a thimc­heall—na tighthe, na ballaí, an tsráid féin—ag iarraidh aon cheó a dhéanamh air, acht i Lonndain ceapann duine de’n tsaghas sin go gcuir­feadh na tighthe móra gruamdha dhá chois é—go dtuit­feadh siad air, le n‑a bhrúghadh síos ’san talamh—dá mb’fhiú leó an trioblóid sin a chur orra féin i ngeall ar shuar­achán mar é.

Tighthe móra aoidh­eachta a bhí ’mo thim­cheall anois. An brusgar do fágadh taobh amuigh de gach teach i gcannaíbh móra mill­teacha, bhí daoine ’ghá chartadh. Sean­daoine, idir fir agus mná, a bhfurmhór, agus nuair a thiocfadh cuid aca n‑a méaraibh caola tanaidhe, agus ag glanadh an tsal­achair de’n bhiadh bhrocach sin le n‑a gcuid iongan.… Ag cromadh ós cionn na soitheach stáin úd dóibh, i mbreac-sholas na maidne, agus na tighthe móra aoidh­eachta ag féachaint anuas orra go sgig­eamhail, ba gheall le sgata éan mór uath­bhásach ocrasach allta iad a bhéadh ag piocadh cnámha duine le n‑a mór-chrobh­aibh garbh-chnámach’ i bhfásach. Ag dearcadh dhom orra, tháinic crathadh ball orm, mar thiocfadh ort agus tú ag éisteacht le duine ag sgríobadh gloine.

An Bhean Mhór Ruadh! Nuair a tháinic an smaoin­eadh chugam cheapas go raibh liom. D’fhéad­fainn cuairt a thabhairt uirri siúd tráth ar bith. Bhain mé as, agus dhá mbéadh eochair na bhflaith­eas in mo phóca, ní fhéadfadh níos mó luth­gháire a bheith orm. Bhí mo chroidhe lán. Bhéadh fáilte ag an mnaoi mhóir ruaidh romham. An Bhean Mhór Ruadh sin d’fhóirigh orm ar nós máthar. B’fhéidir go n‑éir­eóchadh leis an mnaoi mhóir ruaidh sin a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire Rómhánach mé a thárr­tháil.

Agus d’éireóchadh marach go raibh an seómra fuar folamh rómham. Shílfeadh duine nár chomh­nuigh neach ann leis na bliadh­antaibh.