Bhíos bodhar aca. D’fhágas annsin iad, agus iad ag cur síos ar Chocs agus ar Bhocs agus ar Thrott.
· | · | · | · | · | · | · |
Acht tá sé an-fhuar agus tá an phian ghránna sin ’mo ghoile arís. Choiglim an chuid eile de’n arán. Tá an crústa chomh cruaidh le cloich, acht is amlaidh is feárr liom é, agus a laighead dhe atá agam. Is mór an sásamh dhom na fiacla geala géara a sháthadh isteach ann. Fáisgim an cóta ’mo thimcheall, agus greadaim liom go bhfuil allus liom, go bhfuilim beagnach ag tuitim ó’n tuirse, go bhfuil an leath-chos ag tabhairt uaithi, go bhfuil m’asgaill tinn sgólta ó’n maide croise, go bhfuil orm mo sgíth a leigint i n‑áit eicínt. Suidhim ar shuidheachán mór cois na habhna (’san áit ar leigeas sgread an Fhir Bhig Bhuidhe i dtosach an oidhche úd a ndeachas amudha ’san gceó), acht táim ró thugtha ró thraochta le sin a thabhairt faoi deara; táim ró thuirseach ró lag leis an abhainn mhóire dhuibh atá ag sleamhnughadh tharm mar ollphéist fhuathmhair a thabhairt faoi deara. Ní fheicim an ollphiast úd a bhfuil na mílte míle solus, na mílte míle súil, na mílte míle cloch luachmhar ag deallramh ’n‑a chraiceann. Ní ghním iongantas ar bith dhi. Ní ghním iongantas acht dhíom féin.
· | · | · | · | · | · | · |
Bhí breacadh an lae ann nuair dhúisigheas. Ní raibh fhios agam céard a dhúisigh mé, acht cheapas gur sháith duine éigin saighead ’mo bholg. Ní raibh mé cinnte nach rabhas sáithte gur osgluigheas mo chóta agus mo léine. Ní raibh fuil ar bith le feiceál. Bhí sé tamall maith gur leigeas orm féin gur ocras a bhí ag gabháil dom, agus gurab é an constábla a bhí ag gabháil thart a dhúisigh mé.
· | · | · | · | · | · | · |
D’éirigheas agus chuadhas ag spaisteóireacht ag ceapadh go n‑éireóchadh liom cuimhneamh ar bheart eicínt. I mbailtibh móra eile, nuair atá duine i gcruadh-chás, nuair atá náire