Fear Buile a mharbhuigh ochtar fear ’san nGearmáin le sgin! Agus rian na fola uirri! Agus nach iad atá socair suaimhneach i bhfochair a chéile? Á! a mhná óga, nach iongantach é an grádh? Ní raibh an file mór Éireannach úd Tomás Ó Mórdha ag dul amudha nuair adubhairt sé nach raibh aon ní eile ar an saoghal seo chomh cumasach leis. An dóigh libh go bhfuil, a mhná óga? Má’s dóigh, fiafruighidh de na fearaibh óga é. Acht fan…cé’n chaoi a ndubhairt an file é?…Á! go bhfóiridh Dia orm! ní’l an chuimhne agam mar bhíodh lá….”
Dhearc sé uaidh. Leis an gcosamhlacht a bhí air do cheapfá go bhfaca sé rud éigin i gcéin, rud éigin iongantach nach bhféadfadh duine ar bith eile fheiceál. D’fhan sé cúpla nóiméad mar sin gan focal a rádh.
“An grádh!” ar seisean faoi dheóidh, agus do shín sé a dhá láimh amach uaidh. “An grádh!” ar seisean agus d’éirigh sé ’n‑a sheasamh go tobann. “An grádh! nach iomdha achrann agus clampar, nach iomdha cath agus comhrac, nach iomdha cogadh agus ár a chuir sé ar bun ó thús an tsaoghail go dtí an lá atá indiu ann? Agus níor maoluigheadh air fós! An grádh! Á! nach bhfuil sé chomh buan-seasmhach leis na cnuic, chomh glórmhar leis an ngréin?…Bhfuil aon atharrughadh ar an ngrádh indiu acht mar bhí i n‑aimsir Chloinne calma Uisnigh? Ní’l, a cháirde cléibh! Tá a Dhéirdre féin ag an bhFear Buile. Tá, agus badh mheasa leis í ná…acht ná himthighidh go fóill, a mhná óga…má fhanann sibh sgathamh eile tosóchaidh siad ag pógadh a chéile…Á! Á! nach iongantach é an grádh?”
Gach uile uair adeireadh sé an focal ‘an grádh’ dhúnadh sé a dhá shúil, agus do cheapfá ar a bhéal agus ar a phusaibh gur ag ól meala a bhí sé. Dá n‑éirigheadh leis an chaint chéadna a rádh ós comhair an tsluaigh, agus é rádh ar an mbealach céadna, ní raibh aon aimhreas orm nach mbeidís ag bailiughadh chuige ’n‑a míltibh. Acht ní thig le file dán áluinn