(Bhí fuinneóigín i n‑áirde i n‑ádhmad mo bhotha-sa agus thugas féin faoi deara go raibh duine taobh amuigh ag féachaint isteach orainn. An bhean reamhar í féin a bhí ann: tháinic sí le cuairt a thabhairt orm féin, agus le comhrádh a dhéanamh liom faoi’n gcleamhnas sul a n‑osglóchaí an taisbeántas, acht ar fheiceál an fhir bhig bhuidhe dhi, ghread léithi chomh tapaidh is bhí innti. Níor thug seisean faoi deara ann í).
“Nuair a bhéas an pósadh déanta,” arsa mise thar éis tamaill, “caithfidh tú páidhe fheileamhnach thabhairt do mo mhnaoi.”
“Gan aimhreas. Ní bhéadh ann acht do cheart…acht innseochad céard a dhéanfas mé….”
Stop sé agus dhearc idir an dá shúil orm. Ní féachaint chneasta chóir thug sé orm, acht an fhéachaint tabharfadh cat ar luchóig nuair a bhéadh eagla air go n‑imtheóchadh sé uaidh isteach i mbéal a phuill. Ní fhacas an fhéachaint úd ó shoin nár thugas ‘féachaint an fhir bhig bhuide’ uirri.
“Nuair a bhéas an pósadh déanta,” ar seisean, “bhéaraidh mé cúig phunnt ’san tseachtmhain dhíbh. Cúig phunnt! Cuirfidh mé an bheirt agaibh isteach i n‑aon árus amháin. Fógróchad do’n tsaoghal faoi’n bpósadh…acht beidh ort deimhne thabhairt dom nach n‑imtheóchaidh tú uaim go ceann dhá bhliadhain ar a laighead.”
Bhí fhios agam go maith céard a bhí i n‑intinn aige. Dá bhféadadh sé greim fhagháil orm féin, dá bhféadadh sé stáicín uathbháis agus iongantais a dhéanamh dhíom ós comhair an tsaoghail mhóir, bhéadh sé ceart. Níor labhras ar fhaitchíos go nochtóchainn mo smaointe. Do labhair seisean agus do labhair sé mar bhéadh sé ag labhairt le sluagh mór daoine a thiocfadh leis an ‘bhFear Buile’ agus a chéile, an Bhean Reamhar, fheiceál.
“An bhean is raimhe faoi’n domhan,” ar seisean. “Seacht gclocha ar fhichid meadhchan. An Bhean Reamhar a phós an