Page:Deoraidheacht (1920).pdf/59

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
59
Deoraidheacht

“Ní bhéadh gnótha ar bith agam dhi,” arsa mise, “mara mbéadh go bhfuil sí roinnt reamhar. Na mná raimhe⸺”

“Á! na mná raimhe! na mná raimhe!” ar seisean ag cur isteach orm, “ ’siad is deise, ’siad is lághaighe, ’siad is carthan­naighe, ’siad séimhe, ’siad is ciúine ciall­mhaire tuigsean­aighe. Ár ná achrann ná uisge-faoi-thalamh ní chuireann siad ar siubhal. Glacann siad leis an saoghal. Bíonn siad go sona sásta grianach i gcómh­nuidhe. Bíonn a bhfuil ’n‑a gcuid­eachtain sásta suaimh­neach. Dá mbéinn-se le pósadh, ní phósfainn aon bhean acht bean reamhar. Dheamhan pósadh.”

Thosuigh sé dom’ dhingeadh ’san taobh le n‑a leath-uilinn arís, agus ag caochadh na súile orm. Uaireanta bhíodh fonn gáiridhe orm; uaireanta eile bhíodh fonn orm an bioránach a thachtadh, acht gur bhuaidh ag an bhfonn gáiridhe ar an bhfonn tachttha ’sa deireadh.

“Marach gur cheapas nach raibh sí féin sásta⸺” arsa mise, acht go mb’éigin dom cosg a chur orm féin ar eagla go gceapfadh sé gur ag magadh a bhíos.

“Cheap tú nach raibh sí féin sásta!” ar seisean agus iongnadh an tsaoghail air. “Tá sí sásta, a mhic ó. Tá sí lán-tsásta. Ní’l aon fhear ar dhruim an domhain indiu is gile leíthi ná thú. ’Tú an buachaill fionn. ’Tú an fear báire. ’Tú plúr na bhfear. ’Tú a togha.”

“Nár laghduighidh Dia an sgéal­aidhe,” arsa mise.

“Á! a rógaire!” ar seisean. Chaoch sé an tsúil, acht má chaoch, d’fhan sí dúnta. Thug sé poc eile faoi na heasna­chaibh dhom. “Á! a rógaire!” ar seisean, “thugas faoi deara thú. Thugas faoi deara le fada an lá thú. Níor cheapas go raibh ionnad suirigh­eacht a dhéanamh leath chomh maith. Dheamhan ar cheapas é! Agus nach tú bhí i n‑an’ a toghadh! (Thug sé poc eile faoi na heasna­chaibh dhom). Na mná raimhe! Mh’anam go gcaith­fead-sa a seachaint. Tá siad contabh­airteach​…​tá siad an-chontabh­airteach!”