mé. Dá n‑airigheadh féin, is beag an ceapadh bhéadh aca nach raibh fúm filleadh. Is beag an tóir a bhéadh ag mo mhuintir orm feasta. Nach mé thasbáin dóibh cé’n meas a bhí agam orra? Agus an comhluadar úd a thabhairt i láthair Mháire Ní Laoigh! An bhean uasal bhreágh! Nach orm a bhí an díth céille ag a cheapadh go mbéadh náire orm rómpa? Orra-san ba chóir an náire a bheith! Marach iad, ní hé an bhail seo bhéadh orm anocht!
Ghluais liom thríd an sneachta chomh tapaidh is d’fhéadas, agus áthas mór orm gur umhluigheas, gur mhasluigheas agus gur náirigheas iad.
Acht céard seo? Sráid bheag bhrocach. An sneachta ’n‑a phuiteach faoi chosaibh na ndaoine. Dath liathghlas air. Sgata fear agus ban agus páisdí. Iad corruighthe go mór. Uathbhás orra. Alltacht orra go léir.
Ar an sneachta fliuch salach liathghlas tá bean óg ’n‑a luighe. Ní’l cor aisti. Tá fear le n‑a cois, ord mór caithte ar an talamh le n‑a ais, é ar leath-mheisge; cúigear fear i ngreim ann; fonn orra uile é do mharbhadh láithreach bhonn. An bhean atá san tsneachta, ’sí a bhean í. An t‑ord úd atá caithte ar an talamh is leis é (nach bhfacas é ar maidin indiu ’ghá bhreith leis), agus mara bhfuil an bhean marbh, tá a naoidheanán nua-bheirthe marbh.…
Tháinic dochtúir agus síothmhaoir. Gabhadh an ruibhíneach. Tugadh an bhean leath-mharbh chun bealaigh. Cuireadh bráithlín timcheall ar chorp an naoidheanáin agus tugadh go teach na marbh é.
Tá sé ag tosughadh ar an sneachta a chur arís. Ní baoghal do na daoinibh imtheacht. Shílfeá go bhfuilid greamuighthe de’n áit, agus is ag dul i méid atá an plód atá ann. Na daoine atá ar leath-mheisge, táid ag éirghe as. Is éigin do na síothmhaoir a gcongbháil ó’n áit ar thuit an bhean ’san sneachta. Cuireann siad an gníomh uathbhásach a rinneadh thrí n‑a chéile.…