Page:Deoraidheacht (1920).pdf/142

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
142
Deoraidheacht

Agus sul ar tugadh an fear agus a bhean agus a naoidheanán marbh rugadh san sneachta chun bealaigh, shíleas féin go mba geall le súilibh ainmhidhe uilc nár thaith­nigh an cineadh daonna leis na fuinneóga faoi n‑a gcuid solus a bhí ins na tighthibh beaga dubha ar gach taobh. Agus nach iad na súile sin a dhearc anuas go sgig­eamhail ar an sgata beag daoine faoi n‑a gcuid giobal fliuch, agus ar an mnaoi a bhí ’n‑a luighe leath­mharbh ’san sneachta, agus ar an naoidh­eanán nach bhfaca solus ariamh, agus ar an athair ólta a bhí gabhtha ag na síoth­mhaor­thaibh?…

Ghabh uamhan mé féin.

Do mhothuigheas ’mo chroidhe go ndeárnadh gníomh mór, gníomh uathbháis ar an mball ’n‑a raibh mé. Níor fhéadas fanacht ann. Bhí cumhacht an ghnímh a rinneadh do mo dhíbirt ó’n áit, bhí an cumhacht céadna ag tarraint na mílte eile ann. A dhul chomh fada i nÉirinn is d’féadfainn ó’n mball úd—ní raibh uaim acht sin. An saoghal gránna a bhí agam le fada an lá a thréig­eadh. An Bhean Reamhar fhágáil ’mo dhiaidh.… ​Dá bpósfainn í, is cinnte nach ndéan­fainn acht í mharbh­ughadh mar mharbh­uigh an beitheamh­nach úd a bhean féin.…

Ag gabháil thar ospuidéal dhom, do chonnaic­eas malrach ’n‑a sheasamh taobh amuigh de’n doras ’san sneachta. Bhí sé ag gol go mór; d’aith­nigheas é; nach minic d’innis mé sgéal dó féin agus dá chomrád­aidhthibh beaga? Mac an fhir úd a phógadh a bhean faoi dhó gach maidin, mach an fhir úd a mharbh a bhean leis an ord a bhí ann.

Do lean an geárr-bhodach corp a mháthar go doras an ospuidéil.…

Bhaineas as, agus an diabhal ag ithe an chroidhe ionnam.

· · · · · · ·