Page:Deoraidheacht (1920).pdf/138

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
138
Deoraidheacht

fhéin isteach. M’oncal agus a inghean ar leath­taoibh an féachaint ar an ngleó, agus uathbhás orra. An Bheag Reamhar eadrainn beirt, agus í ag sgread­ghail.

“Sgeana agus piostail agus fuil!” adeireadh sí, “sgeana agus piostail agus fonn orra a bheith ag marbhadh a chéile! Ó, nach mé tá cráidhte aca beirt?” adeireadh sí.

Acht tháinic an Bhean Ruadh ar nós fuarlaigh ó shléibh­tibh reóidhte sneachta ag sguabadh a raibh ann roimpi.

“Marach go bhfuil leisg orm,” ar sise, “do bhéar­fainn ar chúl cinn ar an mbeirt agaibh agus do chaith­finn thríd an bhfuin­neóig sibh. Nach sibh na fir troda? Nach sibh na seadairí tréana?”

Rinneadh réidhteach. Féachaint dá dtugas ar Mháire, agus bhí sí ar creathadh. B’fheárr léithi a bheith i n‑aon áit eile fá’n mbith ná ’san mball a raibh sí.

Bhuaileas anonn chuici.

“Ar shíl tú an seanfhear bocht a mharbhadh?” ar sise.

“Marbhóchad fós é.…”

“Ná habair rud mar sin, a Mhichíl.”

“Ní abróchainn é, agus ní dhéanfainn é marach go bhfuil sé tuillte aige. An diabhal!” arsa mise ag dearcadh anonn air. Dhearc seisean orm, agus ní féachaint chneasta thug sé orm.

“A Mhichíl,” ars’ an bhean a bhí le mo thaobh agus a lámh ar mo ghualainn aici, “a Mhichíl!” ar sise.

“’Seadh.”

“Nach mór an t‑atharrughadh atá tagtha ort, a Mhichíl?” ar sise ag féachaint orm go cásmhar.

“Cé’n t‑atharrughadh é?” arsa mise go sgig­eamhail, “acht go bhfuilim níos sine, go bhfuilim ar leath-chois agus ar leath-láimh agus nach bhfuilim chomh dath­amhail is bhíos nuair a chuir tusa spéis ionnam, nuair d’fhágas mo bhaile dúthchais le beagán a shaoth­rughadh.…”