Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

21

ḃí innso. Ṫáinig scannraḋ uirri sin nuair doċonnaic sí an cailín ag an teiniḋ. Aduḃairt an cailín léi go raiḃ maiṫ ṁór deunta ag a ḋearḃráṫair di féin.10 D’innis sí dóiḃ innsin gaċ ar ḃain di. D’innis sí don mbuaċaill cá raiḃ a muintear in a gcoṁnuiḋe. Áit éigin i gConntae Corcaiġe ḃíodar agus d’imṫiġ an buaċaill leis ḋaid ná ḃáireaċ lá ar n-a ḃáraċ agus ṫug sé ḋá lá ag dul ann. Níor ċuaiḋ [ní ḋeaċaiḋ] sé go dtí an tiġ [teaċ] in aon ċor mar aduḃairt duine de sna [na] coṁarsain [coṁarsanaiḃ] leis go raiḃ cailín óg dá cur as an tiġ sin indiu. Doċuaiḋ sé isteaċ insan ṗáirc agus ṫug sé leis an capall do ḃí ann. Aduḃairt sé leis an ḃfear so do ḃí ag caint leis innisint11 do ḟear an tiġe gur ṫóg fear leis an capall den ṗáirc agus gur in a leiṫéid sin d’áit i gConntae Ṗortláirge do ċoṁnaiġ sé. Nuair do ḃí an trioblóid ṫar fear an tiġe agus a inġean, mar do ṡíl sé, curṫa aige, aduḃairt sé go gcaiṫfeaḋ sé dul fá ḋéin a ċapaill agus gur ṁór an ċlaḋairiġeaċt [claiḋireaċt] an té do ṫóg uaiḋ é.12 D’imṫig sé leis. Nuair ṫainig sé go dtí an tiġ [teaċ], do ċuir an buaċaill na túrṫa fáilte13 roiṁe agus aduḃairt sé le n-a ṁáṫair dinneur maiṫ d’faġḃáil i gcóir dó. Do ḃí an fear boċt corṫa agus buaiḋirt air. 14 Do ḃí sé in a ṡuiḋe ar ċaṫaoir ag an teiniḋ. Nuair d’iompaiġ sé ṫimċeall ag feuċaint ar fuaid [fud] an tiġe,15 do ḃí seomra ós coinne na teineaḋ,16 doċonnaic sé an cailín ag siuḃal ṫar ḋoras an t-seomra. Aduḃairt sé meireaċ [muna] mbeaḋ a inġean do ḃeiṫ curṫa go ndeurfaḋ [n-abróċaḋ] sé gurab í do ḃeaḋ ann. Do rioṫ sí sin aniar17 ċuige "Ó, a aṫair," ar sí sin, "is mise atá ann." "Ó, a inġean ó, ní tu.18 Ní tusa mo inġean, mar atá sí curṫa fá an ḃfód, go ḃfóire Dia orainn." Aduḃairt sí na raiḃ. D’innis sí ḋó innsin cionnas do ḃí aici agus gurab é an stumpa bata do fágaḋ insan leabaiḋ in a háit féin do ḃí curṫa aca, mar go raiḃ sé i gcló