Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

20


MAC AN ḞEIRMEÓRA.

Ḃí feirmeóir ann fada ó. Ní raiḃ aige aċt aon ṁac aṁáin aċt ní raiḃ aon teóra leis ċum cartaí d’imirt.1 Níl aon áit an aireóċaḋ2 sé cluiċe cartaí do ḃeiṫ [d]á n-imirt, dá mbeaḋ sé seaċt míle uaiḋ, ná raġaḋ sé ann. Ḃí sé oiḋċe ag teaċt a ḃaile agus do ḃí sé an-ḟada insan oiḋċe.3 Do ḃí beárna ar ṫaoḃ an ḃóṫair ar a ċuid féin talṁan, agus díreaċ do ḃí an bata insan mbeárna aige nuair do ġaḃ an t-soċraid ṫairis. Ní raiḃ fá an ċoifín aċt triúrar [triúr]. Aduḃairt sé leis féin gur ḋeacair do ṫriúr coifín [cóṁra] d’iomċar agus go raġaḋ sé ḟéin mar ċeaṫraṁaḋ duine fúiṫe.4 Doċuaiḋ, agus má doċuaiḋ, d’fágaḋ aige féin í, agus n’feadar sé cár ġaḃ an triúr fear, cia aca an t-aer nó an talaṁ do ṡloig iad. Do ḃí sé innsin agus an ċoifín ar an mbóṫar aige. Aduḃairt sé leis féin gurab ait an gnó dó, ḃeiṫ ag feuċaint uirri agus gan fios aige cad do ḃí innte. Do ṫóg sé an clár di. Cad do ḃeaḋ istig innte ná cailín breáġḋa óg agus í ag cur cuarníní [coirníní] allais5 dí. “Ó,” ar sé sin, “níl aon deallraḋ báis ort. Is fearr ḋam tú do ċorruiġe suas.” Do-ḃeir [rug] sé ar láiṁ uirri agus do ḃuail sé croiḋe a deárna[nn].6 Do ṗreab sí suas agus d’ḟiarfaiġ sí cá raiḃ sí. “Atá tú ar láiṁ ṡáḃála.7 Ná tagaḋ aon eagla ort. Cad do ċuir innso tú?” “Inneósad sin duit,” ar sí. “Atá mé ar an leabaiḋ ag mo ṁuintir8 le trí ṁí, agus anoċt do ḃí na trí ṁí caiṫte. Ṫáinig triúr fear isteaċ agus do ṫógadar leó mé ins an ċoifín sin. Do ċuireadar stumpa bata i m’áit insan leabaiḋ.” “Ó,” ar sé sin, “atá go maiṫ. Siuḃail leat a ḃaile go dtí mo ṫig-se [teaċ-sa] anois.” Do ċuaiḋ sí leis go dtí an tiġ [teaċ]. Nuair doċuaiḋ sé a ḃaile9 do ġlaoḋ sé ar a deirḃsiúr agus aduḃairt sé léi, deoċ éigin d’ḟaġḃáil don ċailín do