Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
64
CATILÍNA

díreaċ sa n-áit ’n-a gcaiṫfaḋ CatiLí na teaċt anuas ċun dul isteaċ sa GaiLlia. Ní raiḃ Antónius aḃfad ó’n áit aċ ċóṁ beag, inar ḃí an ṁór ṡluag aige agus an ḟaid a ḃí Catilína ag bailiú leis tre aċaraii na gcnoc ḃí Antónius ’gá leanṁaint ar an dtaLaṁ réiḋ. Ansan, nuair a ċonaic Catilína go raiḃ beirṫa air idir na cnuic agus slóiġte a naṁad, go raiḃ neiṫe gaḃṫa ’n-a ċoinniḃ sa ċaṫair, ná raiḃ ar a ċumas imṫeaċt as an áit ’n-a raiḃ sé ná é féin do ċosaint ann, ṫuig sé i n’aigne gur ḃ’ḟearr caṫ do ṫroid agus a ṡeans a ḃeiṫ aige. Ṡocaruiġ sé ar ṫaḃairt fé Antónius ċóṁ luaṫ agus dob ḟéidir é. Do glaoiḋ sé ċuige a Luċt cóṁairle agus do laḃair sé leó mar seo:—

LVIII. “Is éol dóṁsa, a ḟeara, ná cuirean cainnt breis ar ċróḋaċt; ná deintear sluag ṫataiceaċ de ṡluag ṁeaṫta, ná sLuag neartṁar de ṡLuag imeaglaċ, le h-urlaḃra ó’n ḃfear cinn riain. an méid dánaċta aigne a ḃíon i nduine ó nádúr nú ó ḃéas, siné an méid a ṫaisbeánan séi gcaṫ. An t-é ná cuirean glóire ná baoġal spionaḋ ann tá sé fuar agat ḃeiṫ a d’iarraiḋ é ġríosaḋ Le cainnt. .Deinean an t-eagla spaid- ċLuasaĊ é. Ċun rainnt cóṁairLe ṫaḃairt daoiḃ iseaḋ ċuireas-sa fios oraiḃ-se; agus ċun a ḋ’innsint daoiḃ cad tá beartuiġṫe agam agus cad e ’ċúis. Is eól daoiḃ, a ḟeara, an íde atá tagaiṫe air féin, agus an tiubaist atá tagaiṫe orainne, ó ṁeataċt agus ó spadántaċt Lentuluis. Ċimeád sé anso me ag feiṫeaṁ le caḃair ó’n gcaṫair go dtí náċ feidir dom imṫeaċt isteaċ sa GailLia. Tá ’ḟios agaiḃ go léir anois, ċóṁ mait agus tá ḟios agam-sa é, conus atá an sgéal againn. Tá ḋá ṡluaġ naṁad os ár gcóṁair, sluaġ acu