i gcás ’dir ḋá ċóṁairle anois féin i dtaoḃ cad is ceart a ḋéanaṁ leis an gcuid de’n naṁaid n-a ḃfuil beirṫa orṫa istiġ sa ċaṫair. Tá truaġ agaiḃ dóiḃ is dóċa. Buaċaillí boċta óga iseaḋ iad. Do meallaḋ iad isteaċ sa ċoir. Sgaoiliḋ ċun siuḃail iad agus a n-airm acu. Am briaṫar go mbeiḋ ḃúr gceannsaċt agus ḃúr n-atruaġ n-a ċúis ġuil agaiḃ féin ar ball. Tá, adéarfiḋ duine, an gnó contaḃarṫaċ aċ ní’l aon eagal ar aoinne. Tá eagal ḃúr ndóṫain oraiḃ, aċ tá muirḃitiġe agus lagaċar aigne oraiḃ, agus siḃ in ḃúr stad ag feiṫeaṁ le n-a ċéile, agus ḃúr muiniġin agaiḃ as na déiṫiḃ síoruiḋe, ó isiad a ṫug an stát so saor go minic ċeana as na guaisiḃ ba ġéire. Ní le móidiḃ ná le h-aċuiniġeaċaiḃ ban a ġeiḃtear caḃair ó sna déiṫiḃ. Le h-aír- eaċas, le gníoṁarṫaiḃ, le breiṫniú cruinn, iseaḋ ḋ’eiriġean an t-áḋ le duine. Má ṫugan tú ṫu féin suas do ḋíoṁaointeas agus d’ann- leisge ní h-aon ṁaiṫ ḋuit ḃeiṫ ag glaoḋaċ ar na ḋéiṫiḃ. Ní ḃfaiġir uaṫa aċ fearg agus fuaṫ.
“I n-aimsir ár sínsear, sa ċogaḋ Ġailleaċ, d’órduiġ T. Manlius Torquatus a ṁac féin do ċur ċun báis toisg gur ċóṁraic sé leis an naṁaid i gcoinniḃ mar ḃí órduiġṫe ḋó. D’ḟuilig an t-ógánaċ oirḋeirc sin bás mar ġeall ar iomarca a ċróḋaċta, agus sin siḃ-se ag staonaḋ ó’n ní is ceart a ḋéanaṁ le cuirpṫiġ a ḋéanfaḋ an fionġal grána. B’ḟéidir áṁṫaċ go ḃfuil an ċuid eile d’á mbeaṫa bun os cionn leis an ngníoṁ so. Deiiiiḋ maiteaṁ do Lentulus mar ġeall ar a ċreideaṁnaiġe má ċítear go raiḃ beann aige féin riaṁ ar ġeanmnaiġeaċt, ar a ċlú