Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/63

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
57
CATILÍNA

dtaḃarfiḋ siḃ breiṫ an uair ċéadna ar ṡluaġ Ċatilína agus ar an luċt ceilge go léir. D’á ġéire a ḋéanfiḋ siḃ an ní sin iseaḋ is mó do lagófar an spirid acu-san. Má ċíd siad siḃ ag glacaḋ an sgéil bog i n-aon ċor, beid siad go Léir ċuġaiḃ láiṫreaċ go fíoċṁar.

“Ná meastar gur le h-arm a ḋein ár sínsear an stát so mór ó ḃeiṫ suaraċ. Dá mb’eaḋ, do ḃeaḋ sé níos áilne go mór againne, mar is mó an ṁuinntir agus na cáirde agus an t-arm agus an eaċtra atá againne ’ná mar a ḃí acu-san. Aċ ḃí neiṫe eile a ḋein daoine móra ḋíoḃ san agus ní’l na neiṫe sin againne i n-aon ċor. Isiad neiṫe iad san ’ná deaġ-ġnóṫaċt sa ḃaile, forláṁas ceart amuiċ, saor-aigne i gcóṁairle gan géille do ċoir ná do ṁian. Tá againne, i n-inead na neiṫe sin, rabairne agus sainnt; gaċ duine fé leiṫ saiḋḃir agus an stát dealḃ. molaimíd an saiḋḃreas agus cleaċtaimíd an díoṁaointeas. Isé an meas céadna atá againn ar an nduine fóġanta agus ar an ndroċ ḋuine. Isé an mealltóir árdṁianaċ a ġeiḃean Luaċt saoṫair an duine ṁacánta. Ní náċ iongna, mar glacan gaċ duine agaiḃ-se fé leiṫ cóṁairle ar ṁaiṫe leis féin. Ní’l beann sa ḃaile agaiḃ aċ ar ḃúr prÉisiúr, agus ní’l beann anso agaiḃ aċ ar ḃúr gcuid airgid nú ar an ḃfaḃar a ḃíon uaiḃ. D’ḟág san an stát gan ċosnaṁ ar a naṁaid.

“Aċ fágaimís sin mar atá sé. Tá cóṁċeilg déanta ag cuid de’n ṁuinntir is uaisle againn ċun na caṫaraċ do losgaḋ. Tá iarrṫa acu ar na Gallaiḃ, an treaḃċas daoine is mó fuaṫ do Róṁánaċaiḃ, teaċt ċun an ċogaiḋ. Tá fear cinn riain ár naṁad os cionn ár gcinn. Táṫaoi-se