Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/46

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

áo c-atilí na ṁó ḋíoḃ, ceapaiṫe ċun a n-aṫaraċa do ċur ċun báis. Ansan, nuair a ḃeaḋ na daoine curṫa as a meaḃair leis an losgaḋ agus leis an marḃú. do ġluaiseóċaḋ luċt na ceilge amaċ as an gcaṫair agus do raiġdís -ag triall ar ĊatiLína. An ḟaid a ḃí an t-ullṁú san agus an socarú san d’á ḋéanaṁ ḃí Cetégus coitċianta ag gearán ar ríġne na cod’ eile. Go raiḃ caoṫaṁlaċtaí móra acu ’á ṁille le leadrán agus le cur lae ar cáirde. Náċ le cóṁairle a ḃí gáḋ, sa ċon- taḃairt n-a raḃadar, AĊ le gníoṁ. Dá dtagaḋ beagán i n-aonḟeaċt leis féin go dtaḃarfaḋ sé foġa fé ṫiġ na seanaide an ḟaid a ḃí an ċuid eile acu ag líodráil. Fear colgaĊ dian ab eaḋ é, tapaiḋ ’n-a ġníoṁ, agus dar leis ní raiḃ aon níḋ ab ḟearr ’ná luas gníṁ. !L!V. aċ, fé mar a ḋ’ órduiġ Ciceró ḋóiḃ, do ċuaiḋ na h-Allobróga ċun cainnte Leis an gcuid eile de luċt na ceilge, tré stiurú Ġabiniuf. D’iarradar ar Lentulus agus ar Ċetégus agus ar Statilius agus ar Ċassius dearḃú ṫaḃairt dóiḃ sgríoḃṫa, agus a n-ainimneaċa ṫíos leis, i dtreó go ḃféadfidíf é ṫaisbeáint d’á muinntir féin nuair a raiġdís aḃaile. Gan é nár ḃ’ ḟuiriste ḋóiḃ iad a ṫaḃairt isteaĊ i n-a leiṫéid de ġnó. Ṫugadar go léir, aċ Cassius, an sgríḃinn uaṫa agus a n-ainimneaċa leis, gan aon droĊ aṁras. ĠealL Cassius go dtiocfaḋ sé ċun na h-áite i n-aċamaireaċt, agus d’imṫiġ sé as an gcaṫair tamal beag sar ar imṫiġ na teaċtairí. Ċuir Lentulus leó fear d’ár ḃ’ ainim T. Volturcius, Crotónaċ, i dtreó go ndéanfaḋ iia h-Allobróga, roim ḋul aḃaile ḋóiḃ, ceangal caradais le Catilína, agus eisean leó-san. Ṫug sé fein du