Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/35

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

CATI LÍ NA SO socair aige ar gaċ aon rud do ċeiLt. Ċuir se gnúis uṁluiġeaċta air féin, mar ḃeaḋ sé ’ġá ċaiṫeaṁ féin suas orṫa. D’iarr sé ar na h-Aiṫreaċaiḃ gan aon níḋ do ċreideaṁaint go h-oban ’n-a ċoinniḃ. Ó n-a ṡínsear, agus ó’n gcuma n-a raiḃ a ḃeaṫa caiṫte aige, nár ṁiste Ḋó súil a ḃeiṫ aige go raiḃ gaċ aon rud fóġanta 'n-a ċóir, gur de ṡíolraċ na n-Aiṫreaċa é féin. Gan a ċeapaḋ 'n-a n-aigne, tar éis a raiḃ déanta aige féin agus agá ṡínsear uasal de ṫairḃṫe do ṗobul na Róṁa, gur ṫeastuiġ uaiḋ íde ḋéanaṁ ar an stát; agus go ndéanfaḋ Marcus TulLius, an Róṁanaċ iasaċta so, an stát do ċosaint air. Ṫug sé a lán spídiúċáin uaiḋ. Do ḃris ar an ḃfoiḋne acu go léir. Do sgreadadar go fíoċṁar ’n-a ċoinniḃ. Ṫugadar naṁaid air, agus fionġalaċ. . Ansan do ḃris an droċ aigne amaċ aige. “ Táid mo naṁaid am’ ṫímpal! ” ar seisean. .“ Táid m’eascáirde ’am’ ċoṁáint! Tá go maiṫ. An teine atá d’á lasaḋ am’ ṫímpal múċfad í le léirsgrios ! ” Agus do riṫ sé amaċ a’ tiġ na seanaide agus ċuaiḋ sé aḃaile ċun a ṫiġe féin. !OOOL Nuair a ḃí sé sa ḃaile ċrom se ar ṁaċtnaṁ. Ḃí teipiṫe ar na h-iaraċtaíḃ a ḃí déanta aige ar an gConsul do ṁarḃú. Mor ḃ’ ḟéidir an ċaṫair do ċur tré ṫeine, mar ḃí an Luċt faire ’ġá cosnaṁ. Ṫuig sé gur ḃ’ é a ḃuac a ṡluaġ do ċur i méid, agus, sar a ndéanfí sLóiġte na caṫaraċ do ġLeusaḋ, greim roim ré a ḃeiṫ aige féin ar na neiṫiḃ a ḃí tairḃṫeaċ ċun cogaiḋ. D’imṫiġ sé i lár na h-oiḋċe, agus buiḋean ḃeag le n-a ċois, go longṗort Ṁanlius. Sar ar imṫiġ sé. áṁṫaċ, do laḃair sé le Cetégus