Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

cATi Lí na !S gan aon droċ ġníoṁ a ḃeiṫ ann le déanaṁ ní móide a ṫugaḋ sé suaineas dóiḃ. Ṫugaḋ sé an neamċionntaċ dóiḃ le clipe nú le taċtaḋ, ċóṁ maiṫ leis an gcionntaċ; .i. ba ṫúisge leis iad a ḃeiṫ ag déanaṁ an uilc agus na gcruaḋ-ġníoṁ gan ċúis ’ná an láṁ nú an aigne do ḋul as taiṫiġe acu le díoṁaointeas. Ag braṫ ar a Leiṫéidíḃ sin de ċáirdiḃ agus de ċomrádaiḋṫiḃ, sa n-am ’n-a raiḃ éaċt de ḋaoiniḃ ins gaċ treó baill múċta i ḃfiaċaiḃ, nuair.a ḃí a lán de ṡaiġ- diúiríḃ Ṡulla tar éis a gcoda do ċaiṫeaṁ go bog agus cuiṁne acu ar na caṫanaiḃ a ḃuaḋdar agus dúil acu i dtuille cogaiḋ, iseaḋ ḃí CatiLína nuair a ḃeartuiġ sé stát na Róṁa do ṫaḃairt fé n-a smaċt féin. Ní raiḃ aon armáil sa n-Iodáil. Bí Pompéius i n-imigcéin ag déanaṁ cogaiḋ. Ḃí gaċ aon tsúil aige go ndéanfí Consul de féin. Ní raiḃ aon ċoinne ag an seanaid le h-aon rud. Ḃí GAĊ níḋ suaineasaċ socairG Ḃí san i ḃfaḃar ar fad do Ċatilína. !V!!. Uime sin tímpal an ċéad lae de Ṁiṫeaṁ an tsaṁraiḋ, le linn Lucius Caesar agus Caius Figulus a ḃeiṫ ’n-a gConsulaiḃ, do ḋíriġ sé ar laḃairt le n-a ċualaċt ’n-a nduine ’s ’n-a nduine; ar ċuid acu do ġríosaḋ ; ar ċuid acu do ṫriail; ar a ṫaisbeáint dóiḃ cad é an gustal a ḃí aige féin, ná raiḃ an stát ullaṁ, go raiḃ mórán le fáġail de ḃarr na ceilge. Nuair a ḃí gaċ níḋ trialta ċun a ṫoile aige do ċruinniġ sé i ḃfoċair a ċéile an ċuid acu ba ṁó riaċtanas agus ba ḋána aigne. Ṫáinig go dtí an cruinniú san an méid seo d’órd na seanaide, .i. P. Lentulus Súra, agus P. Autrónius agus L. Cassius Longinus, agus P. Cetégus, agus P.