Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
14
CATILÍNA

na fir óga a ḃíoḋ go minic i dtig Ċatilína ná raiḃ uraim ró ṁór acu do ġeanmnaiġeaċt. Aċ ḃí an ċáil sin amuiċ air, mar ġeall ar neiṫiḃ eile, níba ṁó ná mar ab eól d’aon duine.

XV. I dtusaċ bára, nuair a ḃí Catilína óg ḋein sé mórán d’éigeanaiḃ aiṫiseaċa. Ḋein sé éigean ar óigṁnaoi uasail; agus ar ḋuine de ṁaiġdeanaiḃ Ḃesta; agus a lán gníoṁarṫa de’n tsórd i gcoinniḃ déiṫe agus daoine. Ansan do ṫuit sé i ngráḋ le h-Aurélia Orestilla, cailín nár ṁol aoinne fóġanta riaṁ aċ a h-áil- neaċt. Ḃí sise ag diúltú d’é ṗósaḋ le h-eagla roim leasṁac a ḃí eiriġṫe suas. Is deiṁin le cáċ gur ṁairḃ sé an mac ċun an tiġe ḋ’ḟolaṁú do’n ċleaṁnas cuirpṫe. Ṁeasaim féin gur ḃrostuiġ an níḋ sin an droċobair ċun cinn. An aigne ṫruailliġṫe sin a ḃí fuaṫṁar do ḋéiṫiḃ agus do ḋaoiniḃ níor ḃ’ḟéidir di suaineas d’ḟágail i gcodla ná i ndúiseaċt. Ḃí an coin- sias ġá gríosaḋ agus ’ġá greadaḋ. B’ṡiné fé ndeár an daṫ mílíṫeaċ, na súile salaċa, an siuḃal a ḃíoḋ tamal mear agus tamal eile ríġin. Ḃí sé i n’aġaiḋ agus i n’ ḟeucaint mar a ḃeaḋ duine buile.

XVI. Agus na fir óga a ḃí meallta cuige aige, mar a duḃraḋ, ḃíoḋ sé ag múine na ndroċ ġníoṁ dóiḃ ar a lán sliġte. Ṫugaḋ sé ar iasaċt cuid acu ċun fiaḋnaisí bréige ḋéanaṁ agus ċun ainimneaċa bréige do ċur le sgríḃinníḃ. Do ċuireaḋ sé suas iad ċun neaṁ- ṡuím a ḋéanaṁ de ḋílse, de ṡaiḋḃreas, de ċontaḃairt. Ansan, nuair a ḃíoḋ a gclú agus a náire curṫa ar neaṁníḋ aige ṫugaḋ sé coirṫe eile níba ṫruime ḋóiḃ le déanaṁ. Dá ráiniġeaḋ