Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
12
CATILÍNA

féin, dúil i gcuid an ḟir ṫall; neaṁṡuím i náire, i ngeanmnaiġeaċt, i ngaċ níḋ ar neaṁ agus ar talaṁ gan beann ar aon rud ná cosg le h-aon rud. Is fiú ḋuit, nuair a ḋ’ḟeucfir ar na brogaiḃ agus ar na ríġṫeaċaiḃ, agus iad curṫa suas mar a ḃeaḋ caṫaraċa, teaċt agus feuċaint ar ṫeampulaiḃ na ndéiṫe, teampuil a ḋein ár sínsear ró ḋiaḋa. Ċuiridís siúd maise cráiḃ- ṫeaċta ar na ṫeampulaiḃ, agus ċuiridís maise a nglóire féin ar a dtiġṫiḃ féin, agus ní ḃainidís be’n ṁuinntir a smaċtuiġdís aċ cumas díoḃála ḋéanaṁ. Ní mar sin do sna fearaiḃ meaṫta so anois againn, ní foláir leó, na cuirpṫiġ, gaċ saiḋḃreas d’ár ḟág ár sínsear cróḋa, buacaċa, ag ár gcáirdiḃ do ṫógaint uaṫa, ċóṁ maiṫ agus gur ḃ’ionan eugcóir a ḋéanaṁ agus smaċt do ċur i ḃfeiḋm.


XIII. Óir cad is gáḋ ḋom ḃeiṫ ag tráċt ar neiṫiḃ ná creidfaḋ aoinne aċ an t-é a ċífaḋ iad; cnuic d’á Leagaḋ agus faraigí d’á gcaolú agá lán daoine as a ngustal féin. Gur ḋóic Leat orṫa ná raiḃ i saiḋḃreas dóiḃ aċ aḋḃar spóirt, rud a ḋ’ḟéadfidís a ḃeiṫ acu go macánta aċ nár ḃ’ḟoláir leó droċ úsáid a ḋéanaṁ de le neart teasbaiġ. Ansan do ṫáinig dúil ṁór i ndrúis agus i gcraos agus i mbeaṫa ċostasaṁail; gaċ tír agus gaċ faraige d’á gcuardaċ ag lorg sóḋluistí bíḋ agus diġe; codla d’á ḋéanaṁ sar a mbíoḋ dúil i gcodla; gan feiṫeaṁ ’á ḋéanaṁ le h-ocras ná le tart, le fuaċt ná le tuirse aċ friṫálaṁ ’á ḋéanaṁ roim ré ar na neiṫiḃ sin, le neart craois. Ċománeaḋ an obair sin daoine óga ċun míṁacántaċta nuair a ḃíoḋ a gcuid féin caiṫte acu. Ḃíoḋ taiṫiġe