Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
11
CATILÍNA

do ṫosnuiġ sé go maiṫ agus do ċríoċnuiġ se go h-olc. Ḃíoḋ gaċ aoinne ag fuadaċ agus ag stracaḋ ċuige. Ċuireaḋ duine dúil i dtiġ agus ċuireaḋ duine eile dúil i ḃfearan. An ṁuinntir a rug buaḋ ní raiḃ teóra leó ná iompar acu orṫa féin. Ḋeineadar gníoṁarṫa cruaḋa, gníoṁarṫa gráinneaṁla, ar na daoine. Ḃí an níḋ eile seo ag cur leis na h-olcaiḃ sin go léir. Do ġaiḃ L. Sulla forláṁas ar an mór ṡluaġ ṡoir sa n-Asia, agus, i gcoinniḃ nós ár sínsear, ċun iad a ḋéanaṁ dílis dó féin, ṫug sé beaṫa ró ṡuairc dóiḃ ann agus an iomad d’á sliġe féin. Do maoluiġeaḋ an aigne ṁileata in sna fearaiḃ le h-áilneaċt na n-áiteana, agus le méid an tsuaircis, agus le sáiṁe. Ansúd iseaḋ do ṫosnuiġ sluaġ na Róṁánac ar dtúis ar ḃeiṫ ag suiriġe, agus ag ól, agus ag molaḋ íoṁáġ, agus ag déanaṁ iongna d’árṫaíḃ greanta, agus ’ġá ḃfuadaċ i ḃfios agus a gan ḟios; ar ṫeam- pulaiḃ do robáil; ar gaċ níḋ, naoṁṫa nú a ṁalairt, do ṫruailiú. Nuair a rug sluaġ de’n tsórd san buaḋ d’ḟágadar gan aon rud an ṁuinntir ar ar ḃuaḋdar. Dá mb’ é an duine ciallṁar féin é bainean áḋ ó neart a aigne. Ní baoġal, áṁṫaċ, go ḃféadfaḋ na cuiripṫiġ úd úsáid ṁeasarḋa ḋéanaṁ de ḃuaḋ.


XII. Nuair a ṫosnuiġ onóir ar ṫeaċt a’ saiḋ- ḃreas, agus nuair a lean clú agus smaċt agus cóṁaċt an saiḋḃreas, ṫosnuiġ neart aigne ar lagú, dealḃas ar ḃeiṫ i n’ asaċán, agus ní raiḃ i macántaċt aċ droċ aigne. Mar sin do ṫug an saiḋḃreas an t-aos óg ċun drúise agus ċun sainnte agus ċun uaḃair. Ní raiḃ aċ robáil agus caiṫteaċas; droċ ṁeas ar ċuid duine