Jump to content

Page:Cúirt na dála agus sgéal eile - Ó Cuív.djvu/24

From Wikisource
This page has been proofread.

20

—D’airigheas é sin cheana, ersan stróinséar, ach b’fhéidir go bhfuil aithne agat ar dhuine éigin a dhéanfadh an gnó dhom?

— An bhfeiceann tú an bothán san ag bun na sráide? ar seisean.

—Chím, arsan duine uasal.

—Tá duine ’na chomhnaighe sa bhothán san, arsan fear óg, agus ní déarfainn ná go ndéanfadh sé dhuit é.

—Go bhfágaidh Dia do shláinte agat, arsan duine uasal, agus do dhein sé ceann ar aghaidh ar an mbothán.

Do bhuail sé an doras.

—Tair isteach, arsan duine a bhí istigh.

Do bhuail sé isteach agus d’innis sé d’fhear-an-tighe cad a bhí uaidh.

—Agus an bhféadfá me bhearra? ar seisean.

—D’fheadfainn, arsa fear-an-tighe, ach b’fhearr liom gan é dhéanamh. Do thuig an duine uasal ó-n gcuma ’na ndubhairt sé é go raibh droch ionntaoibh aige as féin. Dubhairt an duine uasal go ndíolfadh sé go maith é, ach ní raibh aon mhaith dho ann. Níor fhéad sé fhághail ó’n bhfear eile ach—b’fearr liom gan é dhéanamh.

D’imthig an duine uasal agus fearg air agus do chuardaigh sé an tsráid féachaint a bhfaghadh sé éinne i n-aon tig eile a dhéanfadh an gnó dho. Do theip air agus thug sé aghaidh ar an mbothán arís. D’fhiafraigh sé arís d’fhear-an-tighe an bhféadfadh sé é bhearradh, agus dubhairt seisean go bhféadfadh go háluinn.

—Tosnaigh láithreach, má seadh, agus dein é, arsan duine uasal.

—B’fhearr liom gan é dhéanamh, arsa fear-an-tighe arís.

—Cuir uait an chainnt sin agus dein é, arsan duine