Page:Cúirt na dála agus sgéal eile - Ó Cuív.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

CÚIRT NA DÁLA

I.

A maili veog áirihi a Gúigi Mûn do ví fear ’na chôny a dig vuar aunsbianta go roiv fineóga er gach täv de. Fear meán-äsda ab ea é, ach níor fós shé ryav agus ní roiv bean ná claun ige. Ba lesh cuid vah des na tihi sa vaili veog agus ví teacht ishdeàch mah go leór ige. Ach er chuma égin do cheap shé an’ aigini fén go m’édir go vaych shé bás don ghorta, agus gach shgiling a gheych shé do chuireach shé a daishgi í. Is er égin ihach shé a ghóhin inéachor.

Fear árd cäl loum ab ea é agus deaurav ocarach er. Ach víoch shé er a hásdacht nuer a híoch shé chun búird agus a hosanych shé er a chuid airigid a chôireav. Ceol breá gho ab ea gliuguireacht na bísy óir agus airigid. An Sbriúnlóir an ainim a ví ag na côrsanuiv er.

Ní roiv éngi ’na chóny sa tig aunsbianta ach é fén. Do hagach bean ishdeàch inish is irísh chun an tí a ghlana, ach ish é fén a ghineach pé cócuireacht agus obuir eli a víoch le diànav aun. Ish é fén a cheanych gráingi té agus bríc aráin sa tiupa sa tráidín, agus ba gheocuir é hásav. Dá déach shé ishdeàch a shupa chun rod égin a cheanàch, vèach shé a cnáivsháil agus á reá go roiv an rod ró ghär nú ná roiv an veáchuint cheart aun, a dreo go míoch locht na shupy bour ige agus nár lúr leo an dial a teacht ishdeàch chúha ná é.

7