Page:Cúirt na dála agus sgéal eile - Ó Cuív.djvu/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

CÚIRT NA DÁLA

I.

I mbaile bheag áirithe i gCúige Mumhan do bhí fear ’na chomhnaighe i dtig mhór annspianta go raibh fuinneóga ar gach taobh de. Fear meadhon aosta ab eadh é, ach níor phós sé riamh agus ní raibh bean ná clann aige. Ba leis cuid mhaith des na tighthe sa bhaile bheag agus bhí teacht isteach maith go leor aige. Ach ar chuma éigin do cheap sé an’ aigne féin go mbéidir go bhfaghadh sé bás don ghortadh, agus gach sgilling a gheibheadh sé do chuireadh sé i dtaisge í. Is ar éigin itheadh sé a dhóthain in aon chor.

Fear árd caol lom ab eadh é agus deallramh ocrach air. Ach bhíodh sé ar a shástacht nuair a shuidheadh sé chun búird agus a thosnuigheadh sé ar a chuid airgid a chomhaireamh. Ceol breagh dho ab eadh gliogaireacht na bpíosaí óir agus airgid. An Sprionnlóir an ainm a bhí ag na comharsanaibh air.

Ní raibh éinne ’na chomhnaighe sa tig annspianta ach é féin. Do thagadh bean isteach anois is arís chun an tighe a ghlanadh, ach is é féin a dheineadh pé cocaireacht agus obair eile a bhíodh le déanamh ann. Is é féin a cheannaigheadh gráinne té agus bríc aráin sa tsiopa sa tsráidín, agus ba dheacair é shásamh. Dá dtéigheadh sé isteach i siopa chun rud éigin a cheannach, bheadh sé ag cnáimhseáil agus ghá rádh go raibh an rud ró dhaor nó ná raibh an mheadhachaint cheart ann, i dtreo go mbíodh lucht na siopaí bodhar aige agus nár lughar leo an diabhal ag teacht isteach chúcha ná é.

6