Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

42



179'N-a gcailleaċa duḃa gan cuṁdaċ céil e.
Caiṫte gan clú gan cionnta claonḃeart.
181Is aiṫnid dam féin san méid seo ṡiuḃlas
Bean agus céad nár méin leó a ḋiúltaḋ,
183Is mise in a measc mo ċreaċ mar táimse
D’imṫiġ im spaid gan fear gan ṗáiste.
185Mo ḋoċar mo ḋóġaḋ mo ḃrón mar ḃíom
Gan soċar gan sóġ gan seóid gan síṫ,
187Go doilḃir duaiḃseaċ duaḋṁar díṫeaċ,
Gan codlaḋ gan suan gan suairceas oiḋċe,
189Aċt maslaiṫe i mbuairt gan suaiṁneas sínte
Ar leabain leaṁḟuair dár suaṫaḋ ag smaointe.
191A ċáiḋ na Carraige breaṫain go bíoḋgaċ
Mná na Banba in anacra suiḋte,
193Ar nós má leanaid na fearaiḃ dá ḃfuadar
Óċ, mo lagar! aċt caiṫfamna a ḃfuadaċ.
195’S é am nur ṁéin leó céile ṗósaḋ
An t-am nur ḋéirc le héinne góḃail leó!
197An t-am nár ḃ’ḟiú ḃeiṫ fúṫa sínte—
Na seandaiġ ṫonnda ṡúiġte ċlaoiḋte.
199Dá dṫuiteaḋ amaċ le teas na hóige
Duine fén seaċt ar ṫeaċt féasóige
201Ceangal le mnaoi, ní míntais ṫoġfiḋ—
Ṫaitneaṁaċ ṡuiḋte ’e ṡíol ná d’ḟoġluim,
203Clóḋeas ċaoin ná míonla ṁánla
A mb’eól di suiḋe ná tiġeaċt do láṫair,