Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/59

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

41



153Ḃí a gruaig léi scaoilte síos go slaodaċ
Is buaireaṁ suiḋte fíor ’n-a féaċaint,
155Fuinneaṁ ’n-a raḋarc is faġairt ’n-a súile
Is fiuċaḋ le draġan uilc aiġnis fúṫa;
157A caínt dá cosc le loscaḋ cléiḃe;
Gan gíog ’n-a tost aċt toċt dá traoċaḋ,
159Do b’ḟuiris a ráḋ gur bás baḋ roġa léi
Is tuile gan tlás ag tál go trom léi,—
161’N-a seasaṁ ar lár an ċláir ’n-a saiġead
’S í ag greadaḋ na láṁ ’s ag fáscaḋ a laġar.
163An uair do ġoil sí folcaí fíoċṁar
Is d’ḟuascail osnaí goṫaí caínte
165D’imṫiġ an smúit is d’iompuiġ snóḋ uirṫi,
Ṫiormuiġ sí a gnúis is duḃairt mar ’neósad:—
167“Míle fáilte is gárdus cléiḃ roṁat,
A Aoiḃeal, a ḟáiḋḃean ársa ón Léiṫċraig,
169A ṡoillse an lae is a rae gan ċoimse,
A ṡaiḃreas ṡaoġalta i ngéiḃinn daoirse
171A ċeannusaċ ḃuaḋaċ ó ṡluaiġte an aoiḃnis,
Ba easnaṁ cruaiḋ ṫu i dTuaḋṁain ’s i dTír Luirc;
173’S é túis mo ċáis is fáṫ mo ċaointe
Cúis do ċráiḋ me is d’ḟág me claoiḋte
175Ḃain dem ṫreoir me is ṡeóil gan ċiall me,
’S ċaiṫ mar ċeó me dóiġte i bpianta,—
177Na sluaiġte imṫiġeann gan ċríċ gan ċaoṁnaḋ
Ar ḟuaid an tsaoiġil seo d’ḟíorscoiṫ béiṫe