Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

40



127Geallaimse anois náċ clis ná coṁaċta,
Cairdeas MissPimp ’n-a coṁḋalta
129Ṡiuḃalfas tríd an dliġe seo ġnáiṫ
’S a gcúirt ’n-a suiḋe ag an síolraċ neaṁḋa;
131Tá an ċúirt seo seasṁaċ feasta ’san ḃFiacail,
Siuḃailse, is freagair í, caiṫfe tu triall ann,
133Siuḃail gan tafann go tapa ar do ṗriacail,
Siuḃail! nó stracfad san laṫaiġ im ḋiaiḋ ṫu!”
135Do ḃuail sí crúca im ċúl ’san ċába
Is ġluais ċum siuḃail go lúbaċ láidir,
137Sciob léi síos me trí sna gleannta,
Cnoc Ṁánṁaiġe is go binn an teampaill.
139Is deiṁin go ḃfeaca me ar lasaḋ le tóirsiḃ
An teaġlaċ taitneaṁaċ maiseaṁaċ mórtaċ
141Soillseaċ seasṁaċ lannṁail lómraċ
Taiḋḃseaċ taṫacaċ daingean deaġḋóirseaċ,
143Ċonnairc me an tsíḋḃean ṁíonla ḃéasaċ
Ċumuis ’n-a suiḋe ar ḃínse an tsaorċirt
145Ċonnairc me gárda láidir luaimneaċ
Iomadaċ árrṫaċ tárraingṫe suas léi,
147Ċonnairc me láiṫreaċ lánteaċ líonta
Ó ṁullaċ go lár de ṁná is de ḋaoine,
149Ċonnairc me spéirḃean ṁaorḋa ṁallruisc
Ṁilisḃog ḃéaltais ṁéarlag ṁealltaċ
151Ṫaitneaṁaċ ṡásta ṫáclaċ ḟionn
’N-a seasaṁ in áirde ar ċlár na mionn.