Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/203

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

185

do ċur i gcéill tré ḟoclaiḃ eile, i nGaeḋilg ná i Sacsḃéarla.

Do rángóċ’ nár éiriġ liom an ceart do ṫaḃairt liom i gcoṁnuiḋe, aċt “coṫrom go leór níor ċóir me ċáineaḋ” mar do rinneas mo ḋíċeall isan aga ḃeag do ḃí agam. Má’s léir d’einléaġṫóir me ar seaċrán i bpoinnte áiriṫe, do ḃeinn buiḋeaċ de aċt me ċur ar mo leas, agus leiġeasfar an loċt mar is túisce ġeóḃam an ċae ċuige.

I dtaoḃ na scríḃeann do ḃí os mo ċoṁair ní mór dam innsint go raiḃ orm furṁór a raiḃ de nodaiḃ ionnta do scríoḃaḋ i ḃfaid nó do “ṡíneaḋ” toisc gan acara do ḃeiṫ ag an gclódóir ċum a leiṫéidí, mara nglacaimís leis an ngnáṫċló Róṁánaċ, rud do ġoilleaḋ ar a lán léaġṫóirí.

Ní mar a ċéile an leitriuġaḋ atá agam féin is ag mo ċoṁscríḃneóir ar ainm is an ṡloinne an ḟile isan Ġallḃéarla; mise do rinn an t-aṫarruġaḋ, aċt ḃí sé ró-ḋéadḋnaċ ċum a ḋéanta isan Ṁolaḋ.

Ġeoḃainn tagairt do ṁórán niḋṫe eile, aċt “is miṫid dúinn stad má stadaimíd in éanċor!”

Féaċ Línte, 943-944 isan Ċúirt!

Mo ṡlán annso lem ṡaoṫar.

F. É.