Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/202

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

184

EARRÁIDÍ, IS FOCAL DEIRIḊ.

Ainm an ṗáipéir atá luaiḋte fé ḃun an ṗeictiúra ná cuirtar suim ann. Tar éis dam tóċ is taiġde go leór do ḋéanaṁ ina ṫaoḃ, measaim gur as páipéar éigin do cuireaḋ fé ċló in Inis Ċluainraṁḟad do ṫóg Dáiṫ Ó Coimín é i gcoṁair an scríḃinn atá anois isan National Library i mBaile Áṫa Cliaṫ, ar a dtugaimse “N” ar leaṫanaċ 81 den leaḃar so agam. Is soiṫ liom gan é ḃeiṫ ar mo ċumus a ráḋ an peictiúr díreaċ no peictiúr bréige é.

leaṫanaċ. líne.

is cóir.

vii. 29 ‘i Márta, in Abrán, is’ [i mBealltaine].
23 25 ‘An Canónaċ de Faoit.’
42 179 den Ċúirt ‘céile.’
42 180 „ „ ‘cionta.’
49 376 „ „ ‘cúl‘ [in inad ‘cúil.’]
124 17 „ ċló ‘Nuair ṗléascann an clár.’

Na figiúirí atá isan ḃFoclóirín le haġaiḋ línte na Cúirte dá mbeaḋ an tuaṫal i gcuid aca níor b’ iongna liom é, mar ní raiḃ uain agam ċum iad do ṡiuḃal aṫuair agus a ḃfroṁaḋ go suiḋte isan ċló, agus is fánaċ clódóir ann ná déineann an dearmad!

Ċum Gluais is Foclóir do ḋéanaṁ go beaċt don Ċúirt, níor ṁór do ḋuine leaṫḃliaḋain, nó ráiṫe ar a luiġead, aċt ní raiḃ ceaċtar agamsa foríor. Rud eile ḋe, ḃí Brian Merriman ċoṁ hoilte is ċoṁ toġṫa san isan Ġaeḋilg gur deacair ṫar barr briġ a ċoda cainte