Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
viii.

linn Dáiṫí Ó Coimín do ḃeiṫ i ḃfeiḋil an ċúinne Ġaeḋilge do ḃíoḋ ann, do cuireaḋ fé ċló mórán den tionntóḋ do rinneaḋ i Sacsḃéarla den “Ċúirt” ag Donnċaḋ de Ḃulḃ, scoloide do ċoṁnuiġ ag Droiċead Aḃann Ó gCeárna, agus do cuireaḋ an méid céadna ḋe, no mar sin, ar ṗáipéar nuaḋaċta éigin in Inis Ċluan Raṁḟada, mar measaim.

Ludwig Christian Stern, Allamáineaċ léaġanta, an ċéad duine eile do ċuir an “Ċúirt” in eagar, agus in a ḋúṫa féin do rinneaḋ é do ċlóḃualaḋ, ar an Zeitschrift für Celtische Philologie, le haġaiḋ na bliaḋna 1904. Ba ḃreaġ an iarraċt uaiḋ í. Ḃí ann an “Ċúirt” ina iomlán, tionntóḋ ar an gcaint i rioċt filiḋeaċta i dteangain na hAllamáine, tráċt ar Ḃrian Merriman is ar ċoṁarṫaí a ċoda oibre, malairt leagan, foclóir mór, agus anċuid eile, ionnus go raiḃ ṫar ḋá ċéad is fiċe leaṫanaċ fé’n scéal isan leaḃar do baineaḋ as an Zeitschrift sin. Aċt is eagal liom gur fánaċ againn in Éirinn an leaḃar san, agus, níḋ is measa ’ná san, cloisim ná fuil sé le faġáil annso ná annsúd anois ar ór ná ar airgead.

Is é ḃeartuiġeas féin ná gur miṫid is gur cóir an “Ċúirt” do ḃeiṫ againn arís, mar do ċím le tamall gur aineólaċ dall a lán Gaeḋal ar ḃríġ is ar ċúrsaiḃ na haiste. Táim deiṁniṫeaċ den méid seo, gur líonṁaire de naoi n-uaire déag an luċt atá dall ar an scéal ná an dream atá oilte ar imṫeaċtaiḃ na “Cúirte.” An té ná tuigeann go cruinn an aiste tríd síos meaḃruiġeaḋ sé an líne úd na hainnire le hAoiḃeall .i.

“Is dall gan raḋarc me, soillsiġ m’eólus”!

Go deiṁin tá niḋṫe áiriṫe ann go ḃfuil gaċ éinne againn dall orṫa.