Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

COGAR DON LÉAĠṪÓIR

ANNSO:

Ní mór dam innsin cionnus mar ṫárla do "Ċúirt an Ṁeáḋon Oiḋċe" go dtí so.

Seán ó Dálaiġ do ċéadċuir an aiste fé ċló, go ḃfios daṁsa; tuairim na bliaḋna 1860 do rinn sé san; aċt "1800" do ċuir sé isan leaḃar, d'aon am. "Tomás mac Lópuis" an ainm ḃréige do ṫug an leaḃar ar ḟear a scaipiṫe .i. Seán O Dálaiġ féin, agus "Loċ an Ċonablaig Oḋair" an ainm ġreannaṁar do ṫug sé ar Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Éinne do ṫuig an scéal i gceart, ġeóḃaḋ sé ráḋ leis an ḃfear eagair:

"Do ṁeallais an saoġal go léir let ṫaiḋḃse"!

Nuair d'éag Seán Ó Dálaiġ, i mbliaḋain a 1878 do díolaḋ a ċuid earraḋa agus do ċeannuiġ Muinntir an Ġoill ar an gceant ar ḟan den "Ċúirt," agus do ḋíoladar gan spás an t-iarṁar san fé ċuṁdaċ nuaḋ.

Ar feaḋ dosaein bliaḋan nó mar sin ní raiḃ an "Ċúirt" ar faġáil fé ċló go dtí go ndearna Pádraig Ó Briain é ċur i leaḃar arís i mbliaḋain 1893. Do ṡeasaiṁ an leaḃar san tamall maiṫ. I mbliaḋain a 1909 do ċuir an fear céadna 606 línte den "Ċúirt" i leaḃrín, agus do ċuir muinntir Ṁaunsel tuairim a ċoṁoiread i leaḃrín leo féin an uair ċéadna, fé eagarṫóireaċt "Ċonaill Ċearnaiġ." Le haġaiḋ leanḃaí scoile do rinneaḋ an teascaḋ san, agus, níḋ naċ iongna, ní raiḃ bun ná barr an scéil ann, ná a lár aċt ċoṁ beag!

Ar an bpáipéar nuaḋaċta san "The Irishmen" i mBaile Áṫa Cliaṫ, i mBealltaine na bliaḋna 1880 .i. le