Page:Cúirt an Ṁeaḋon Oiḋċe (1910).djvu/57

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

39



101Uaḃar na riġṫe ’s ar imṫiġ tar sáile
’Nuair ná deineann siḃ tuilleaḋ ’n-a n-áit díoḃ.
103Is nár d’ḃur n-iomad gan siorraiġ gan síolraċ
Is mná ’n-a muirear ar muir ’s ar tíorṫaiḃ,
105Connsaiġ ċorporḋa is borracaiġ óga,
Is bonnsaiġ ḃroṫallaċ fola agus feóla,
107Lóistiġ liosta agus leigiṫiġ ṡásta
Is mórḋaiġ ṡioscaiṫe d’imṫiġ i ḃásta;
109Is truaġ gan toirrċeas tollairí ’en tsórt so,
Is truaġ gan tormaċ brollaiġ is bóta iad,
111Is minic iad ullaṁ an focal dá ḃfaġdís
Ag tuitim dá mogaill is molaimse a ḃfoiḋnne,
113’Sé cinneaḋ le saoiṫe i gcríċ na coṁairle
In inad na daoirse ḋ’innsin dóiḃ sin:—
115Duine den ḃuiḋin seo, líon a gcoṁaċta
Ar ṫuitim don dísle, suiḋeaṁ i ḃFódla.
117Tairgeann Aoiḃéal, croiḋe gan ċlaonḃeart,
Cara na Muiṁneaċ, síḋḃean Léiṫċraig,
119Scaraḋ le saoiṫiḃ síḋe na sluaġ so
Scaṫaṁ do scaoileaḋ daoirse i dTuaḋṁain.
121Ġeall an ṁíonla ċaointais ċóir seo
Fallsaċt dliġe do ċlaoiḋe go cóṁaċtaċ.
123Seasaṁ i dteannta fann is fánlag
Is caiṫfiḋ an teann ḃeiṫ ceannsa tláṫ liḃ,
125Caiṫfiḋ an neart gan ċeart so stríocaḋ
Is caiṫfiḋ an ceart ’n-a ċeart ḃeiṫ suiḋte;

D