Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/45

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

41

Gníoṁ Graḋ.

A Ḋia na Glóire, mo gráḋ ṫu! Mo gráḋ ṫu os cionn gaċ uile niḋ, mar is tú aṁáin is maiṫ. Agus mo gráḋ mo ċoṁarsa mar me féin ar do ṡonsa.


Ag Eiġrí ar Maidin duit abair le Dia na Glóire.

A Ḋia na Glóire, mo ġráḋ ṫu! Do ṫugais saor ó’n oiḋċe mé agus táim buiḋeaċ díot. Ḃeirim mé féin suas indiu duit idir ċorp agus anam. Go dtugaiḋ do ġrásda ḋom mo smaointe go léir agus mo ġníoṁarṫa go léir do ḋul ċun onóra ḋuit-se agus ċún soċair dom anam. Trí Íosa Críost ár dTiaġarna. Amen.

Abair Let’ Aingeal Coiṁdeaċda.

A Aingil Dé, mo gráḋ ṫu. Mo gráḋ Dia a ċuir me mar ċúram ort. Coṁairliḋ me, díon me stiúraiḋ me, cimeád ar mo leas me, indiu agus ó indiu go dtí lá mo ḃáis, agus taḃair suas dom Ṡlanuiġṫeoir me an lá son.

Altú roim Biaḋ.

A Ṫiaġarna Dia! Cuir do ḃeannaċt orrainn féin agus ar do ṫaḃarṫaisdíḃ, trí Íosa Críost ár dTiaġarna. Amen.

Altú tar éis Bíḋ.

Ḃeirimíd buiḋeaċas na beaṫaḋ so ḋuit, a Ḋia Ṁuair an uile ċoṁaċt, agus i dtaoiḃ do ṫaḃarṫaisdí go léir, agus beannaċt Dé le h-anman na marḃ, go dtugaiḋ Dia suaiṁneas síoraiḋe ḋóiḃ. Amen.