Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

40

An Salḃé Regína.

Go mbeannuiġṫear ḋuit, a Ḃanríoġan Naoṁṫa, a Ṁáṫair na Trótaire. Go mbeannuiġṫear ḋuit! Is tu ár mbeaṫaḋ, ár mísleaċt, agus ár ndóċas. Is ort-sa do sgreaduimíd, clann ḃoċt díbearṫa Éḃa. Is ċugat-sa suas a ċuirimíd ár n-osna, ag caoi agus ag gol sa ġleann so na ndeór. Iompuiġ orrainn dá ḃrí sin, a comairce caoṁ-uasal, do ṡúile atá lán de ṫruaġ, agus nuair a ḃeiḋ deire le n-ár ndíbirt, taḃair raḋarc dúínn ar ṫora do ḃroinne, Íosa, a Ṁaiġdean Ṁuire ró-ṫrócuireaċ, ró-ġráḋṁar, ró-ṁilis.

V. Guiḋ orrainn, a Naoṁ Ṁáṫair Dé.

R. Ionas go mb’ḟiú sinn toraḋ geallaṁna Ċríost d’ḟáġail.


Na Mion-Gníoṁarṫa.

Dólás mar ġeall ar Ṗeacaíḃ.

A Ṫiġarna Dia atá go ró ṁaiṫ, tá caṫú orm mar ġeall ar mo ṗeacaíḃ. Maiṫ ḋom iad, agus taḃair congnaṁ dom ċun gan iad do ḋéanaṁ airís.

Gníoṁ Creidiṁ.

A Ḋia na Glóire, creidim ionat-sa, agus creidim gaċ níḋ d’á múinean an Eaglais dúinn, mar do ṫuguis-si ḋi an ḟírinne do ṁúineaḋ.

Gníoṁ Dóċais.

A Ḋia na Glóire, is ort-sa atá mo ṡeasaṁ, is asat-sa atá mo ṁainġin agam, go dtaḃarfaiḋ tú grásda agus trócaire agus maiṫeaṁnaċas i m’ peacaiḋe ḋom ar an saoġal so agus raḋarc ort féin sa tsaoġal atá le teaċt. An raḋarc san go dtugair dúinn, a Ṫiaġarna. Amen.