Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/42

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

38

C. Cad iad na tíoḋlaicí a ṫugan dul fé láiṁ easboig dúinn?

F. Seaċt tíoḋlaicí an Spioraid Naoíṁ.

C. Abair iad?

F. Eagna, Tuigsint, Cóṁairle, Neart, Fios, Cráiḃṫeaċt, Eagla an Tíġearna.

C. Cad is Eagna ann?

F. Tíoḋlaice ó’n Spioraid Naoṁ, a ṫugan neaṁṡuím dúinn i neiṫiḃ saoġalta agus speóis i ngnó ár n-anama.

C. Cad is Tuigsint ann?

F. Tíoḋlaice ó’n Spioraid Naoṁ, tré n-a dtuigimíd go soiléir fírinní ár gcreidiṁ, agus tré n-a ndeinimíd dá réir.

C. Cad is Cóṁairle ann?

F. Tíoḋlaice ó’n Spioraid Naoṁ, a ṡeólan sinn ċum glóire ṫaḃairt do Ḋia, agus ċum leas ár n-anama do ḋeánaṁ.

C. Cad is neart ann?

F. Tíoḋlaice ó’n Spioraid Naoṁ, a ṫugan misneaċ spioradálta dúinn ċum gaċ buairt agus trioblóid saoġalta d’ ḟulang ar son Críosd, agus ċum buaḋ do ḃreiṫ ar naṁaid ár n-anama.

C. Cad is Fios ann?

F. Tíoḋlaice ó’n Spioraid Naoṁ, le n-a n-aiṫnímíd an tslíġ ċóir ċum Dé, ionus go leanfimís í, agus le na n-aiṫnímíd an tslíġ atá aíṁleasta, ionus go seaċnóċaimís í.

C. Cad is Cráiḃṫeaċt ann?

F. Tíoḋlaice ó’n Spioraid Naoṁ, a ḃeir dúinn gaċ níḋ a ṫaḃarfaḋ glóire agus onóir do Ḋia do ḋéanaṁ go h-éasga agus go h-úṁal.

C. Cad is eagla an Tiġearna ann?

F. Tíoḋlaice ó’n Spioraid Naoṁ, trí n-a gcriṫníġmíd le h-eagla roiṁ aon níḋ do ḋéanaṁ a ċuirfad fearg ar Ḋia.