Page:An t-oileanach.djvu/86

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
76
AN t‑OILEÁNACH

d’fhágaint annsan anois ag cur ’s ag cúiteamh le chéile nó go dtabharfaidh mo scéal chúcha arís me.

Do phós mo dhritheáir Paidí an bhliain i ndiaidh Cháit, cailín ó Dhúnchaoin—inghean figheadóra. Beirt mhac do bhí aca an t‑am gur cailleadh í. Ráithe bhí an ceann óg agus dob’ éigean dom mháthair bhocht gabháil fé é thógaint tar éis a h‑áil féin. Bhí Máire i Meirice fós, Nóra agus Eibhlín age baile. Ní raibh fonn anall ar Mháire nó go mbeadh an bheirt sin thall ’n‑a diaidh, rud a thuit amach. Is ró ghearr ’n‑a dhiaidh sin gur chuir sí an costas go dtí iad. B’eo leo aon bhliain amháin. An uair a fuair sí na súile oscailte thall aca do bhí sí féin ag machtnamh ar ghluaiseacht mar do bhí an garsún mic di i bhfus fós agus theastuigh uaithe a cheart a bhaint amach do agus di féin agus dlí a chur ar an úncail do chuir as seilbh iad. Do bhain sí amach an Blascaod i ndeire an fhoghmhair agus gairid do chéad púnt ’n‑a bóthar.

Níorbh ’fhada do bhí Máire i bhfus an t‑am gur chuir sí an dlí ar bun agus fé’n am gur stad sí de’n úncail—dritheáir a céile—níor mhór an luach é. Fuair sí féin fagháltas agus an méid do gearradh do’n mac do cuireadh ’on bhannc é. Níorbh’ fhada ar fad gur phrioc an bheach í féin chun pósadh ath-uair. Balcaire teann téagartha d’fhear óg gan faic na ngrást aige ach an t‑éadach agus gan san féin ró mhaith aige. Do chuireadar suas tigh beag nua dóibh féin agus bhíodar ag breacadh leo ar nós gach nduine. Sealgaire maith dob’ eadh an balcaire agus dar ndóigh do mhairfeadh sí féin mar a mairfeadh an coinín nó aon duine a chonnaic Meirice ná thug aon tamall ann. An uair a tháinig an mac san aois agus é mór do chuaidh sé féin go dtí an Talamh Úr.

Níorbh ’fhada gur phrioc an bheach mo dhritheáir Paidí agus ná feadair aenne cá raibh sé nó go raibh sé leath-bhágh siar go Meirice, an dá ghárlach age m’ mháthair, m’ athair scoth-chríona agus gan de mharc aca insa deire chun an bhotháin do choimeád ach an peata—mise. Féach gur gairid do bhí an ruaig ’á chur ó chéile orainn. An sult, an greann, an