Page:An t-oileanach.djvu/85

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

VIII
MISE I mBUN TIGHE

Pósadh agus scaipeadh ar ár líntighe, “na fiagaithe tugadh go Béal Feirste,” Paid Shéamais insa Daingean, an ruaim a cuireadh ar na cótaí.

Do phós mo dhrifiúr Cáit. I dtigh beag ar an mbaile d’fhan sí. Sealgaire maith fir aici. Is minic a choimeádainn fé uisce é agus maide rámha agam gach uair do bhíodh portáin uainn chun baighte. Do choimeádas ró fhada lá é. Ní raibh ann ach an dé ar theacht ar barra dho agus dath gorm air, ach níor chuaidh ar mo chomraighe ó shin.

Ba chosúil leis an dtigh fhág Cáit an tigh gur chuaidh sí ann agus do bhíodh uibhe, leis, ’n‑a dhrom. Paid Shéamais ainm an fhir mar Séamas Mór dob’ eadh ’athair. Do cheap Paid dul ’on arm sarar phós sé ach deireadh a athair leis—“A Pháidín, a bhuachaill! an t‑ualach sa chnoc ort,” á chur i n‑iúl do go mbeadh air beagán ualaigh a bhreith leis. An uair do bhíodh na bruidheannta agus an t‑achrann age sna tuathaigh ar margadh is aonach do bhíodh Séamas Mór so ’n‑a cheann ar bhuidhinn aca mar is ó Pharóiste an Fhirtéaraigh do shroich sé go dtí an t‑oileán so. Bhíodar go maith chun gnóthaí tútach a dhéanamh ach ní rabhadar cliste. Bhíodh neadacha na gcearc i ndíon an tighe ach níor chuaidh an cheard amú ar Cháit ná go dtéigheadh sí go minic ar a dtuairisc agus níorbh’ fhearr léi iad d’fhagháil sa chúib. Caithfead iad

( 75 )