Page:An t-oileanach.djvu/248

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

mbeadh féin, an lá a scarann páirtidhe leis an bpáirtidhe eile go lán mhinic bíonn breall ar an nduine aca fhanann; agus do b’in ionbhadh agam-sa, leis, é. Do bhíodh orm cluas a thabhairt do gach ní agus lasmuich dem’ dhícheall do bhíodh breall ar mo ghnó go minic.

Níor scar an dubrón go h-obann liom an babhta san cé go mbínn d’iarraidh é chrothadh dhíom i n-aghaidh gach lae agus dar ndóigh, do bhí fuar agam. Thagadh rud éigin treasna i gcomhnaidhe a bhíodh ag gríosú an chathaithe orm.


Aimsir mairciréal a mharbhú dob’ eadh an bhiaiste a bhí chughainn, sinn amuich insan oidhche agus sinn d’iarraidh bheith ag obair sa ló. Aon oidhche amháin do bhíomair amuich. Oidhche thar oidhcheannta dob’ eadh í. Do bhí droich-dheáramh ’n-a theannta san ag teacht uirthi agus dob’ éigean dúinn dul i scáth talmhan. Níorbh’ fhada do bhíomair mar sin san am gur tháinig naomhóg eile orainn agus foisceallach éisc ’s na líonta aici—comharthaí go raibh iasc le fagháil ach olcas na h-oidhche chun a mharbhaithe.

I gcionn tamaill tháinig sánas ar an sín dar linn agus dob’ ’eo chun siubhail cheithre naomhóga againn. Ar shroichstint na h-áite dhúinn gur bhraith an dream eile an t-iasc ann do chaitheamair amach na líonta agus ní raibh ach an mogal deireannach as an naomhóig de san am gur tháinig clagarnach agus splanncacha agus tóirneacha ná feicfá soir seachas siar.

Dubhart liom féin go mb’fhearr iad a tharrac arís agus ní dubhairt aenne im’ choinnibh. Is me ráinig i ndeire na naomhóige agus do phreabas agus do rugas ar an dtéid. Do thairrigíos liom nó go raibh an líon agam agus dob’ ’in le beirt againn annsan ag tarrac an lín, fear againn ar an gcorc agus fear eile ar an mbonn.

Is fánach riamh a rug brácadh ba mhó ná an líon a thabhairt ar bórd ar aon bheirt le gála gaoithe agus fairrge ag gabháil lastuas dinn agus tar éis dúinn an chuid deire bheith istigh