Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/247

From Wikisource
This page has been proofread.

ar seisean. “Deir na daoine liom dá mbeadh sé insan óispidéal gurbh’ é an áit ab’ fhearr é, go mbeadh an dochtúir ’n-a threo. Ach is dócha,” ar seisean arís, “nach féidir aon chomhthrom a bhaint do insa naomhóig.”

Chun na fírinne a rádh níor thaithin an gnó ró mhaith liom. Ach cad a bhí le déanamh? Nách é lá an ghádhtair an lá go bhfuil ort seasamh.

Do chuamair i ndáil a chéile, ceathrar againn, féachaint connus ba chóir dúinn a dhéanamh agus gan aon tóirtéis ar aenne againn, go mór mór ar an bhfairrge i gcúrsa d’á shórt.

Seadh, an rud a bheadh agat le déanamh tá sé comh maith agat croiceann a chur ort féin chun a dhéanta, nó éirghe as. Chuireamair an naomhóg ab’ fhearr a bhí againn ar snámh agus annsan do chuamair fé bhrághaid an tighe go raibh an fear dona.

Ní mar síltear a bítear go minic agus dob’in ionbhadh aige seo é. Níor dhóigh leat go raibh aon smáilc insa tsaoghal air an fhaid a bhíomair ag cur a chuid éadaigh agus eile i bhfeiste air. Do chuaidh linn go dtí an calath comh maith agus do chuaidh riamh ann. B’eo linn chun cinn. Do bhí ’athair ’n-a theannta i ndeire na naomhóige agus ceathrar againn-ne ar dubh-thiomáint ag ciorrú an bhealaigh amach nó gur shroicheamair calath Dhúnchaoin. Thánamair-ne abhaile aríst.

Do ghluais an t-athair abhaile lár-na-mháireach an uair a bhí an bhuachaill socair suas insan áit a ceapadh do. Dubhairt sé liom nár dhein an garsún bocht aon chrosadh air i rith na slí.


Ní mór an t-achar go raibh orm a thuille de’n aindise do sheasamh mar tar éis na mbeart so do chur díom ’seadh d’éag bean mo thighe féin. D’fhág san bréagach, breallach me, cé go raibh beirt de chailíní beaga ag coinnlíocht ’n-a diaidh agam ach ná bíonn an éifeacht le n-a leithéidí; agus dá