thug duine aca chonnaic sé bollta práis fé chab lice. Do bhog é agus do bhain. Bhí cheithre troighthe ar faid ann. Bhí an cladach lán de’n sórt san idir phrás agus umha. N’fheadair aenne cad a shábhail an bheirt an lá sin de’n sórt san mianaigh mar is insa chladach do briseadh an long agus bhí cleathacha móra istigh insan áit fós di. Do dhein na h‑oileánaigh mórán airgid an bhliain sin as na bolltaí.
Droich-bhlianta dob’ eadh iad agus mara mbeadh an long so do bhualadh ní bheadh duine beo san Oileán, adeireadh na sean-daoine. Chloisinn-se go maith an chailleach bhéal-dorais go minic ’á rádh gurbh é Dia do chuir ameasc na mbochtán í. Do mhaireadar go maith cúpla bliain d’á deascaibh an uair a bhí an ceanntar lasmuich ag siollagar agus ganntar a ndóthain ag breith ortha.
An uair a thugadh m’athair abhaile leis i bpaca ualach de sna bolltaí níorbh’ fhéidir liom-sa ceann aca a chur ’na sheasamh.
Is olc an ghaoth ná séideann maith do dhuine éigin agus is minic a chuir ár muinntir-ne droch-bhliain díobh de bharra na gaoithe agus na stoirme, bíodh gur aindis d’fhágadh san an scéal ag daoine bochta eile go mbeireadh an scríb ortha.
An lá cuireadh an bríste orm do chailleas mo mheabhair nach mór. Ní raibh aon stad agam le déanamh ach mar bheadh coileán cú. Cheapas nár ghádh dhom faic d’ithe agus níor dheineas, ach ag rith amach agus isteach, anonn agus anall. Bhíodh duine éigin ag faire im’ dhiaidh.
Seadh, turus dár thugas go dtí an teine d’fhéach mo mháthair orm agus chonnaic sí rian fliche ar an mbríste glas agam. “T’anam gléigeal,” ar sise, “bíodh geall gur mar sin atá déanta agat!” Dubhart léi gurbh eadh agus go ndubhart le Nóra na cnaipí do scaoileadh dhom agus nár dhein. Is dócha gurbh í sin an chéad bhréag adubhart riamh mar ná dubhart le Nóra bhocht é, cé gur thug mo mháthair ana-bhúrdáil di nár dhein sí é. Is mór an truagh an té a bhíonn ’á dhaoradh