Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/21

From Wikisource
This page has been validated.
11
AN t‑OILÉANACH

leath-phaca de mhin bháin aige (ní raibh min bhuidhe ann an uair úd).

Do bhí gárdaí cósta i nDúnchaoin an uair sin agus gnó ann díobh mar do bhíodh luingeasa ’á chur i dtír go tiugh toisc gan cur amach a bheith ar aon ghléiseanna eile chun a dtiomáint ach seolta. Ar chlos do sna fir ghorma (sin é an ainm do bhíodh ortha sa cheanntar) go raibh an long bháidhte san oileán agus fios cad a bhí innti, ní raibh codladh lae ná oidhche ortha ach ag rith isteach gach am, mar do bhí bád greanta aca féin, gan amhras, go deigh-fhearais, agus iad féin go deigh-eolach. Do chlipeadar san an croidhe age sna h‑oileánaigh d’iarraidh na h‑ailpeanna a chur i bpuill i n‑áiteannaibh ná raibh sé i gcumas cait ná madra dul go dtí iad.

Tár éis an tsaoghail do mhair na daoine go maith an bhliain sin insan oileán d’á fheabhas do dhein na fir ghorma a ndícheall. Thugadar cuid mhór de’n íle bhuidhe treasna Bhágh an Daingin agus dhíoladar thall í gach oidhche cé gur thug na fir ghorma cion a gcíosa leo, leis, di.

Tháinig an bád isteach lá aca agus ní raibh innti ach ceathrar. Bhí bád an Oileáin tagaithe díreach rómpa agus sé ailp mhóra innti. Thóg na fir-ghárda isteach ’na mbád féin gan mhoill iad agus is iad a bhí go sásta. Bhí óigbhean ar an gcalath agus stocán mór cloiche aici. Do chuaidh isteach go bád a h‑athar agus níor bhraith na fir ghorma faic nó go raibh an stocán curtha síos tríd an mbád san aici agus an fhairrge mhór tríthe aníos. B’eo amach na fir ghorma. B’eo amach na h‑ailpeanna de’n íle bhuidhe ar snámh arís. Do shábháil na mná arís iad. Do chaith fir an rí a mbád a tharrac aníos agus paiste stáin a chur uirthi agus an uair a fuaireadar deisithe í do chuireadar a dhá láimh ar an dtigh abhaile! Is dóigh liom nach mór an turusóireacht a thugadar as san amach faid a bhí an íle bhuidhe ar siubhal.

Tamall ’n‑a dhiaidh sin do bhí fearaibh sa chnoc agus do chonnacadar caora tuitithe síos i gcladach. Do chuadar síos ag triall uirthi chun í thabhairt leo ach súil-fhéachaint d’ár