uair do bheadh an saighne réidh. Níos túisce ná bheadh an tarna cor age bád an Oileáin do chuir bád ó Dhúnchaoin a saighne féin amach agus ní ró fhada do bhí sé amuich an t-am go raibh sruth na taoide ’á gcur ar an gcloich; géaráin agus stocáin fé n-a mbrághaid agus taoide láidir rabharta ann.
Ní ró fhada gur scaoil an bád a bhí ceangailte aiste uaithe í agus as go bráth léi féin agus an saighne tríd an mbealach ó thuaidh. Níor lean aon bhád eile de bháid Dhúnchaoin í mar ní leigfeadh eagla dhóibh é, mar nárbh aon dóichín an bealach céadna insan am san.
“Mo chorp agus m’anam!” arsa captaen ár mbáid-ne, “go bhfuil bád a’ Choma caillte, agus cuiridh na maidí i bhfearas,” ar seisean, le bád an Oileáin, “go ragham ag fóirithint uirthi.”
Do dheineadar san go tapaidh agus b’eo leis an dá bhád againn tríd an mbealach ó thuaidh agus é ag réabadh insa spéir le tarrac. Ní raibh an dá bhád againn dhá nóimit ag gabháil tríd agus ar dhul i radharc an bháid eile dhúinn ní raibh sí báithte—ach sin a raibh ann. Do bhí sí lán de’n bhfairrge agus iad d’iarraidh í shaoradh ó shúncáil ’á taoscadh.
Do bhí an saighne insa bhfairrge fós mar ná h-iomchrochadh an bád é. Dubhairt ár gcaptaen-ne linn-ne an saighne a thabhairt isteach ’nár mbád féin nó go mbeadh an bád eile taoscaithe agus í chur innti annsan. Sin mar bhí. Cuireadh innti é an uair a bhí sí tirm.
Do bhí lán báid d’iasc insa dá bhád againn-ne. Dob’ éigeant dúinn-ne téad a chur as bád Dhúnchaoin agus an dá bhád againn ’á tarrac thríd an mbealach ó dheas mar ar ghaibh sí ó thuaidh. Do thiomain agus do thiomáin ár gcaptaen-ne muinntir Dhúnchaoin i dtaobh an bháid a leigeant uatha agus thug sé an tiomáint chéadna do’n bhád a shaor sé do chuir saighne amach.