Page:An t-oileanach.djvu/175

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
XVII
AN OBAIR AGUS AN SEACHRÁN

Saighneóireacht, “corraí na Scealg,” báid agus naomhóga agus árthaighe umair, turus ag díol éisc go Cathair Saidhbhín, “Come along, Blashket man!” turus eile go Dairbhre d’iarraidh báid.

Insan am so do bhí seacht mbáid saighne i nDúnchaoin agus dhá bhád bhreaghtha mhóra insa Bhlascaod agus cé go raibh an treibh amuich agus an dream istigh lán-ghairid d’á chéile i ngaol agus i gcleamhnas do bhídís i n-earraid le n-a chéile de shíor timcheall an éisc.

Do bhí na báid go léir, istigh agus amuich, i n-Inis Tuaisceart, lá. Do bhí iasc ag ráithíocht go flúirseach ann. Sé an dlí bhí idir lucht na mbád: cor ar chor do bheith age gach dhá bád i gcomhnaidhe ar a gceart. Do chaitheadh dhá bhád i gcomhnaidhe a bheith ceangailte as an saighne gach uair a cuirfí amach é, bád ’á chur agus bád eile ’á choimeád as an ndainnséar. Má bhíodh iasc sa líon bhíodh sé mall ’á chur ’on bhád agus thugadh an t-iasc agus an taoide an saighne ar an gcloich.

Do chuireamair an cor ar an iasc agus cé go raibh an taoide ag dul le buile do dhein an dá bhád againn beartaidheacht comh tapaidh sin go raibh an líon ó bhaoghal sara raibh aon teacht aige ar an gcloich agus oiread éisc ann agus a líon ceann de sna báid. Níor fhág san smiug age dream Dhúnchaoin agus do bhagair an captaen a bhí ar ár mbád-ne ortha a gcor a chur nó go gcuirfeadh sé féin gan mhoill é an