Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/87

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

79

“Tá bean Antoine ag iomċur cloinne,” adeir Cuimín Ó Niaḋ.

“Ní ċosnóċaiḋ sé sin í, an créatúir,” ars’ an fear duḃ. “Ní hí an ċéad ḃean as an dúṫaiġ so a rug a naoiḋeanán cois ċlaiḋe an ḃóṫair.”

Ní raiḃ focal as duine ar biṫ againn.

“Cia an sórt fir atá ionnaiḃ,” ars’ an fear duḃ, “ní an fir atá ionnaiḃ ’ċor ar biṫ? Rugaḋ is tóigeaḋ mise i dtaoiḃ tíre, agus m’ḟocal díḃ naċ leigfeaḋ fir na háite sin d’arm Ṡasan fré ċéile seaċt muiriġin a ċaiṫeaṁ amaċ ar an mbóṫar gan fios aca cia an fáṫ. Ḃfuil faitċíos oraiḃ roiṁ an ḃfear atá ag teaċt annso anoċt?”

“Is furusta cainnt a ḋéanaṁ,” adeir Cuimín, “aċt cia an ċaoi is féidir linne stopaḋ a ċur leis an mbodaċ?”

“É ’ṁarḃuġaḋ anoċt,” ars’ an guṫ taoḃ ṫiar ḋíom. Baineaḋ geit as gaċ duine. Ṫionntuiġ mé féin ṫart. Baḋ é Cóilín Ṁúirne a laḃair. Ḃí a ḋá ṡúil ag lonnraḋ ina ċeann, lasair ina leiceann, agus an cloigeann croċta go hárd aige.

“Fear a laḃair annsin, cibé ainm is sloinneaḋ é,” ars’ an strainséara. Ċuaiḋ sá anonn is rug sé greim láiṁe ar Ċóilín. “Ól gloine liom,” ar seisean.