Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/86

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

78

Ṁúirne (go ndéanaiḋ Dia grás dó) agus triúr nó ceaṫrar eile de na ċoṁursanaiḃ i dtiġ ósta an Neaċtanaiġ i nUaċtar Árd. Ḃí aonaċ ar an mbaile an lá céadna agus ḃí muid ag ól gloine roiṁ an bóṫar a ḃaile a ṫaḃairt orainn féin. Ḃí ceaṫrar nó cúigear ann ó’n gCeaṫraṁaḋ Ruaḋ agus ó Ḋúṫaiġ Ṡeoiġe agus seisear nó mór-ṡeisear de ṁuinntir an ḃaile ṁóir. Ṫáinig strainséar isteaċ, fear caol duḃ naċ raiḃ aiṫne ag aon duine air. Ġlaoiḋ sé ar ġloine.

“Ar ċuala siḃ, a ḋaoine,” ar seisean linn, agus é ag ól linn, “go ḃfuil an tiġearna le ṫeaċt a ḃaile anoċt?”

“Cia an gnaiṫe atá ag an diaḃal annso?” arsa duine eicínt.

“Droċ-obair atá faoi, mar is gnáṫaċ leis,” ars’ an fear duḃ. “Tá seaċt muiriġin le cur as a seilḃ aige.”

“Cia tá le cur amaċ?” arsa duine againne.

“Sean-Tomás Ó Droiġneáin ó’n nGleann,—deirtear liom go ḃfuil an duine boċt ag faġáil ḃáis, aċt is ar ṫaoiḃ an ḃóṫair ġeoḃfas sé bás mura bfuil ag Dia,” ar seisean; “fear de ṁuinntir Ċonaire a ḃfuil boṫán aige an taoḃ so de Loċ Simdile; Mainíneaċ ó Ṡnáṁ Bó; beirt i nEanaċ Ṁeaḋoin; bean eicínt ar ċeann de na hoileáin; agus Antoine Ó Griallġais ó Ċamus Íoċtair.”