Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/101

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

93

Rug an sagart ar an litir. D’osgail sé í. Ṫug mé faoi deara go raiḃ a láṁ ar criṫ agus é dá hosgailt. Ṫáinig daṫ an ḃáis ina éadan tar éis a léiġeaḋ ḋó. Ḃí Múirne ina seasaṁ os a ċoṁair amaċ, a ḋá súil ar lasaḋ ina ceann, a béal leaṫ ar osgailt.

“Céard deir sí, a Aṫair?” ar sise. “Ḃfuil sí ’ġá ċur a ḃaile ċugam?”

“Ní ó’n, mBainríoġain a ṫáinig an litir so, a Ṁúirne, ars’ an sagart, ag laḃairt go mall, mar ḃeaḋ toċt eicínt air, “aċt ó Ġoḃarnor an ṗríosúin i mBaile Áṫa Cliaṫ.”

“Agus céard deir sé? Ḃfuil sé ’ġá ċur a ḃaile ċugam?”

Níor laḃair an sagart go ceann nóiméid. B’ḟacṫas dom go raiḃ sé ag iarraiḋ cuiṁniuġaḋ ar ḟoclaiḃ eicínt, agus na focla, mar adéarfá ag dul uaiḋ.

“A Ṁúirne,” ar seisean sa deireaḋ, “deir sé go ḃfuair Cóilín boċt bás indé.”

Ar ċloisteál na ḃfocal sin di, ṗléasg Múirne ag gáiriḋe. A leiṫéid de ġáiriḋe ní ċuala mé riaṁ. Ḃí an gáiriḋe sin ag seinnm i mo ċluasaiḃ go ceann míosa ina ḋiaiḋ sin. Rinne sí cúpla sgairt uaṫḃásaċ gáiriḋe agus annsin ṫuit sí i lagar ar an urlár.

Tugaḋ a ḃaile í agus ḃí sí ar a leabaiḋ go