Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/100

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

92

ḃaile arís an oiḋċe sin í agus an dorċadas ag tuitim. Is iongantaċ mar ḃí sí ’gá ṫaḃairt do na bonnaċaiḃ agus ar ḟuiling sí d’anró is de ċruaḋtain le ráiṫe.

D’imṫig seaċtṁain. Níor ṫáinig aon litir. D’imṫiġ seaċtṁain eile. Níor ṫáinig aon litir. D’imṫiġ an tríoṁaḋ seaċtṁain. Níor ṫáinig aon litir. Ḃainfeaḋ sé deora as na cloċaiḃ glasa ḃeiṫ ag féaċaint ar Ṁúirne agus an imniḋe a ḃí uirṫi. Ḃrisfeaḋ sé do ċroiḋe a feiceál ag dul isteaċ an bóṫar ċuig an sagart gaċ uile ṁaidin. Ḃí faitċíos orainn laḃairt léiṫi i dtaoiḃ Ċóilín. Ḃí droċ-aiṁreas orainn. Ḃí droċ-aiṁreas ar an sagart. Duḃairt sé linn lá gar ċuala sé ó ṡagart eile i nGailliṁ naċ mó ’ná go maiṫ a ḃí Cóilín, gur mór a ḃí an priosún ag goilleaṁaint ar a ṡláinte, go raiḃ sé ag imṫeaċt as i ndiaiḋ a ċéile. Níor innsiġeaḋ an sgéal sin do Múirne.

Lá aṁáin ḃí gnaiṫe agam féin de’n tsagart, agus ċuaiḋ mé isteaċ ċuige. Ḃíomar ag coṁráḋ sa bpárlús nuair a ċualamar coicéim duine ar an tsráid taoḃ amuiġ. Níor buaileaḋ ar ḋoras an tiġe ná ar ḋoras an ṗárlúis, aċt isteaċ sa tseomra le Múirne Ní Ḟiannaċta agus litir ina láiṁ aici. Is ar éigin d’ḟan cainnt aici.

“Litir ó’n mBainríoġain, litir ó’n mBainríoġain!” ar sise.