Page:An cóṁgar - Ó Cuív.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
19
AN COṀGAR

CEAĊT A NAOI-DÉAG. XIX AN NAOṀAḊ CEAĊT DÉAG.

deirduḃairtceapanngogurnáċ

ní dóiġ liom go ḃfuil;ní dóiġ liom go raiḃ.

Tá leaḃar dearg ar an mbórd. Deir Seán ó Tuama go ḃfuil leaḃar dearg ar an mbórd, agus deir sé gur leis féin an leaḃar san. Ní leis é.

Cé leis é? Ní ḟeadar. Deir Tomás Ó Ceallaiġ náċ leis é. Is le Máire Ní Ḟoġluḋa é, aċt is le Seán an leaḃar dearg eile sin atá ar an mbínnse.

Ná raiḃ an dá leaḃar aige indé? Ḃí, go deiṁin.

Ceapann sé anois gur leis féin an dá ċeann acu. Duḃairt sé le Pádraig Ó Dálaiġ go raiḃ an dá leaḃar aige indé.

Deir Pádraig gur le Seái ceann acu, aċt gur le Máire Ní Ḟoġluḋa an ceann eile.

Deir Seán anois go ḃfuil leaḃar buiḋe aige indiu, agus ná raiḃ aon leaḃar buide aige indé.

Cad deir Seán Ó Tuama? deir sé go ḃfuil leaḃar buiḋe aige.

An ḃfuil peann ag Nóra? Ní dóiġ liom go ḃfuil. Ná raiḃ peann aice indé? Ní dóiġ liom go raiḃ.