Page:An cóṁgar - Ó Cuív.djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
17
AN COṀGAR

CEAĊT A SEAĊT-DÉAG. XVII. AN SEAĊTṀAḊ CEAĊT DÉAG.

ĊÍM; NÍ ḞEICIM; AN ḂFEICEANN? NÁ ḞEICEANN? AN LÁ FÉ ḊEIREAḊ.

An ḃfeiceann tú an leaḃar so, a Ċormaic? Ċím, a ḋuine uasail. Cad é an daṫ atá air. Daṫ dearg. Cé leis é? Ní ḟeadar; ní liom-sa é.

An ḃfeiceann tusa an leaḃar duḃ so im’ láiṁ agam, a Ṡíle. Ċím, a ḃean uasal.

An ḃfeiceann tú an leaḃar eile seo? Ċím. An leat-sa an leaḃar san? Is liom, a ḃean uasal.

An ḃfuil aon leaḃar agat anois? Tá. Cá ḃfuil sé? Tá sé im’ póca agam.

Cad é an ḋaṫ atá ar an leaḃar atá agat? Daṫ bán.

An ḃfuil aon leaḃar buiḋe agat? Ní’l. Ḃí leaḃar buiḋe agam an lá fé ḋeireaḋ, aċ ní’l sé agam anois.

Cad tá ar an mbínnse anois? Bosga. Bosga mór, an eaḋ? Ní heaḋ, aċ bosga beag.

An ḃfeiceann tú aon ní eile ar an mbínnse? Ní ḟeicim. An ḃfuil aon ní ar an úrlár? Ní’l.