Page:An cóṁgar - Ó Cuív.djvu/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
8
AN COṀGAR

CEAĊT A H-OĊT. VIII. AN T-OĊTṀAḊ CEAĊT.

anois;agus;eile;go léir;aċ;aon;cad?

Tá caṫaoir ag an ndorus, agus tá caṫaoir eile ag an ḃfuinneóig anois. Tá an ċaṫaoir ṁór ag an ndorus, agus tá an ċaṫaoir ḃeag ag an ḃfuinneóig. Ní’l aon leaḃar ag an ndorus, aċ tá leaḃar ar an mbórd.

An ḃfuil an leaḃar buiḋe ar an mbórd, a Ḋoṁnaill? Tá, a ḋuine uasail, agus an leaḃar gorm agus an leaḃar duḃ.

An ḃfuil an leaḃar dearg ar an urlár, a Ṁíċíl? Ní’l, tá sé ar an mbórd; tá na leaḃair go léir ar an mbórd.

An ḃfuil an bosga ar an mbórd? Ní’l. Cá ḃfuil sé? Tá sé ar an gcaṫaoir.

An ḃfuil an leaḃar ar an gcaṫaoir? Ní’l, aċ tá cárta bán ar an gcaṫaoir. Tá an leaḃar ar an mbínnse.

Cad tá ar an mbínnse anois, a Ḃriain? An ċailc. An ḃfuil an mála ar an urlár? Tá, tá na málaí go léir ar an urlár.