Jump to content

Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/93

From Wikisource
This page has not been proofread.
85
An Craos-Deaṁan.

“"Bíoḋ do ṡeasaṁ,” ar seisean, “ar na Blonagaiḃ agus ar na Maoṫalaiḃ."

""Tá go maiṫ,” arsa mise, agus siúd ċun siúḃail mé.

"Ċuireas an talaṁ díom le misneaċ croíḋe agus le fuinneaṁ cos, ar mo ċromaruaṫar, mo ċeann fúm agus mo ḋá ṡlinneán anáirde, mo ḃalcuisí trusáilte, agus ceó agus branar d’á steallaḋ de m’ṡálaiḃ. Níor iompuiġeas i leiṫ taoiḃ ó ċlaiḋ ná ó ḋíg ná ó ċnocán fraoiġ, aċ dul do léim ṫar gaċ claiḋ, agus do ṫrus- lóig ṫar gaċ díg, agus do ṗoc-léimreaċ fiaḋ ṫar na gleanntaiḃ fraoiġ, agus ṫar na cnocánaiḃ maola aitinn Ġaeḋealaiġ, agus ṫar gaċ gaorṫa agus móinteán aeraċ, féarṁar, féiṫeaċ, agus ṫar gaċ caol-ṡruṫ, glaise nó géar-aḃainn, go dtí gur ṫosnuiġeas ar an mbalaiṫ breaġ ḟáġail ar an ngaoiṫ. Do stadas ansan agus do ṡúġas an ġaoṫ isteaċ am’ ṡróin agus am’ béal, agus siar am’ ċraos agus am’ ċliaḃ. Dá ḃféadainn é ní leigfinn d’ aon leóiṫne de’n ġaoiṫ sin gaḃáil ṫorm, ar mo ċlí ná ar mo ḋeis, aċ is isteaċ am’ béal a ċaiṫ- feaḋ sí go léir dul! Dar liom ba ṁór go léir an truaġ agus an scrupal an ġaoṫ ḃreaġ ċuṁrṫa ṡaiḋḃir sin a ḃeiṫ ag imṫeaċt ṫorm ar gaċ taoḃ díom agus an gáḋ ċóṁ cruaiḋ agam féin léi, ḃí an t-airc agus an galar ocrais ċóṁ dian san orm.

"Ṫánag de ḋruim cnocáin. Ċonac an ḟaraige ar m’aġaiḋ amaċ. Faraige leaṁnaċta b’eaḋ í. Ḃí bád beag ana ḋeas i n-aice an ṗuirt. Ċuaḋas isteaċ sa ḃád. De ṡúġlaċ mairtḟeóla a ḃí an bád déanta agus é clúdaiṫe lasmuiċ le geir, ċun an leaṁnaċta ċoimeád amaċ, sar a’ mbáṫfaí an bád. Ḃí ḋá asna ṁóra seana ṫuirc mar ḋá ḃata raṁa ann. Do rugas ar an dá asna, agus ċromas ar an mbád do ċomáint tríd an